Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marann Phádhraic.

Title
Marann Phádhraic.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mag Ruaidhrí, Mícheál
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 129


MARANN PHADHRAIC.



RÉIMHSGÉAL.



Bhí searbhfhoghantaidhe ag Naomh
Pádhraic, agus bhí sí an-diaganta
agus bhí Naomh Pádhraic amuigh an
lá seo agus thainic coisidhe isteach
agus d'iarr sé greim le n'ithe ar an searbhfhoghan-
taidhe agus thug sí dhó é, agus nuair a d'ith sé an
t-arán thosuigh sé ag caint léithi. D'orduigh
sise amach é, agus rug sé greim tobann uirthi
timcheall a láir, agus le comh diaganta agus bhí sí,
chuaidh sí i laige, agus rith sé sin ar siubhal
annsin, agus níor thainic sí ó'n laige sin go
bhfuair sí bás, agus thainic na comhursana isteach
agus chuir siad os cionn cláir í, agus nuair a
thainic Naomh Pádhraic a bhaile agus chonnaic sé
a shearbhfhoghantaidhe i ndiaidh bas fhághailt,
rinne sé an marann seo os a cionn agus mhol
sé ins an mharann a maitheas agus d'fhág sé ag
na daoinibh 'na dhiaidh le n-a rádh 'ach uile
ghábhadh agus dainséar agus go dtiocfadh siad slán
as an ngábhadh sin.



AN MARANN.



Mise agus Aonghus armghlas dís nár bh'ionann
creideamh dhúinn. Naomh-bheatha ar an talamh
agus beannacht leis an anam bhí i gcorp Anna
cháidh. Gach éinneach d'á mbéidh mo mharann
aige, beannacht Dé 'gá ghrádhughadh, aghaidh
chaoin chorparach, corp buaidh sean-chubhartha.
'Sí an bhean chaoin í agus an bhean áluinn; 'sí
an bhean chiallmhar agus an bhean áigh í. Cé
gur le feart a claoi, barraidhe na féile
fírinneach.



NA BEANNACHTA.



I. An té déarfadh mo luighe luirc i
n-Éirinn lán-uasail, bana' lae 'g dul go
neamh, agus ní baoghal di Rí an Uabhair.



II. An té déarfadh mo mharann do bhean
ó chianaibh, go mbudh chóir slán soineannta
thiocfadh sí ó n-a saothar.



III. An té déarfadh mo mharann do mhnaoi
óig ag dul i muine 'g dul i gcionn céile
'gus cloinne, go mbudh ró-mhaith a d'éireochadh
an turus sin léithi.



IV. An té déarfadh mo mharann 'g dul
'un tighe úir dó, níor bhaoghal dó corp
thabhairt as, fhad is béidh cleath fó thigh.



V. An té déarfadh mo mharann ag dul
ar an tuinn mhara dhó, níor bhaoghal dó
múchadh ná báthadh.



VI. An té déarfadh mo mharann ag dul
'uig ár ná cléir dhó, cia casfaidhe dhó 'san
arm ghaisge acht mise beó le prí(mh)iúilteach,
Pádhraic prí(mh)iúilteach.


L. 130


Fágaim buaidh gach anfha ar mharann Anna,
neamh [do] gach éinneach d'á meabhróghaidh í
agus ar éinneach ná ceiltear.



AN MARANN.



Nach í sin an aisge b'fheárr d'á gcualas ariamh
a léigheadh as Leabhar na gceall (nó ngeall),
Críost a thabhairt 'un sochair lé n-a chéasadh
as crann. Crochadh Cuimín Mac na hÓighe
i bpéin (?) ceannachtain (?) saoghail Éabha (?),
i bpéin (?) liom siubhal 'measg dall i gcoill
thrí n-a hIndiachaibh go dtainic an duine
donn dall i láthair. 'S mór a' gníomh, a
dhaill, a rinne tú, nuair a chuir tú an tsleagh
thrí lár ar dTighearna. Thainic na trí
Muire, na trí réalta donna (nó dubha),
tuirse mór fó n-ar dTighearna, corp fó n-a
cheann, corp fó n-a chois, [an] treas corp
faoi ghnúis Mhic Dé. Bráithlín geal ar
Naomh Fionn eidir sinne agus teinneas na sluagh
bána.



An té déarfadh mo mharann uair 's gach tráth,
Níor bhaoghal dó leac Ifrinn a choidhche ná
go bráth.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services