Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tighearna Mhúsgraidhe.

Title
Tighearna Mhúsgraidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DO CHUM DONNCHADHA AN CHÚIL .I.
TIGHEARNA MÚSGRAIDHE.



Fuasgail solus-ghort Chonaire, a Rígh Chárthaigh,
'Ua na gCormac bhforasda bhfíor-laidir,
Is ruaig ód phortaibh go hobann an chríon-
ghrásgar
Luaimneach lochartha modartha mínáireach.
Nár do mhór-thriath Mhúsgraidhe
Gaill ag taisdeal a thíre,
An chuaine dhuaibhseach dhúr-chroidheach
Atá ag creachadh gach críche.



Críoch mo chanta, is riot bhaineas, a Dhonnchadh
an Chúil,
A ghríobh do'n Chartha-fhuil ghasda 's a phosda
na dtrúip;
Síth re danaraibh danartha, locfair an chúis,
Go ndíbrir Sagsanaigh sheasgaire as clochaibh
na Mumhan.
Mumhain Chuirc agus Cheallacháin,
Níor dhóith danar an cúpla;
Ort badh adhbhar achmusáin
Gan bheith feasda fút-sa.



Fút-sa is clisde do'n fhuirinn-se caoimh-
Fhiachra
An Mhumha uile do sgiubadh ó dhaoir-fhiachaibh,
Cúige shultmhar ghlan chluthmhar ghlas chaoin-
riadhta,
Is níor chubhaidh led ghairm a fulang ar síor-
iasacht.
Iasacht do chríoch n-athardha
Ó rae Chormaic mhuidhe thamhna
Atá fá ollsmacht allmhurdhach
Go teacht dhuit-se d'á chabhra.



Cabhair na Banba, ghealladar naoimh-fháige
Do bhrainnse bheannuighthe dh'araid-fhuil aoird
áir súd,
Sean-chath saingil, dearbh gur díbh tráchtar,
Sgannradh ar Ghallaibh d'á sgaipeadh is d'á
síor-bhrácadh.
Brácadh gan díth daoir-fhiacail
Do bhí ag Gallaibh Fódla,
Ag brughadh chloinne chaoimh-Fhiacha,
Ag sughadh a gcirt 's a gcóra.



Córa dhuit-se 'ná d'fhuirinn an Ghalla-Bhéarla
Fódla dhruidim ó iomair na haimléise;
Dóigh a dtighthe 's a muilte 's a mbailte
daora,
Is tógfair tuirse do'n turas sin d'fhearaibh
Éireann.
Éire iath-ghlas oileánach,
Críoch do shean agus do shinsear;
Fá'n gcrích n-aoibhinn n-ilcheárdaigh
Lán-chuir treasa 'na thimcheall.



Timcheall innisfead, cruinnigh-se cath ins
gach n-áird;
Maoidhfid iorghail, brisfid do Ghallaibh an
stáit,
Saoirse tugaidh gan filleadh do'n eaglais áin
Is daoirse cuiridh ar fhuirinn nach glacann
a pháirt.
Páirt red ghnúis ghil ghlé ghasda
Do bhí ag sean-mhnaoi Bhriain Bhóirmhe:
Luighe léi ní héigcneasda dhuit-se
Is ní briseadh pósta.


L. 148


Pós, dlúthuigh red ghnúis ghil Clann tSuibhne
an áigh,
Pór cubhra nár chúthail i n-am bruighne d'fhás,
Leoghain lúthmhara is ionnraic tásg gníomha
lámh,
Leó súd gaibh dúnta Gall críche Fáil.
Fál, géilleadh ó aicme mhúr-Bhreóghain
Dual duit-se, a chúil chliarach,
Géag do mhear-chineadh úr-Eóghain,
Is tú feasda d'á riaradh.



Riar, ceangail riot rí Cairbreach 's a
n-umhluigheann dó,
Is Dia dom' leagadh-sa gur bhfearra dhuit
'ná giúisdís gó;
Cliath sgaipightheach bhfíor-achrann is úr faoi ór,
Fian mheardha chaoin cheannasach nach cumh-
duigheann cóir.
Cóir súil re seilg bhfíor-seabhac,
Ríoghradh úr sleachta Philib,
Cuaine mhaiseach mhín-dhealbhach
I dtús gacha catha cruinnigh.



Cruinnigh chughat lúth-ealbha ó Bhaoi na mbárc,
Fuireann fhionn úr-sgapas fíonta ar dháimh;
Na honchoin úd mhúr-chreachas críocha námhad,
Cuirfid súd clú a nglaca i suim go sáimh.
Sáimh sár-nós Síol Súiliobháin
Nach geabhaidh gráin roimh deacair;
Tós aco i dtír Chúirseach mblath
Agus d'éirgheadh d'á dtaisteal.



Taisteal Banba ní deacair dhuit, a rígh
Blárnan,
Ó cheangail riot ceanna-bhile chaoin Párthais;
Is fada sin d'á tharngaire ag príomh-fháigibh,
Cath cathardha na Bearbha gur díbh thráchtar.
Trácht chugat fá'n tréan-tionól
Fian mhaordha Innbhir Leamhna;
Deacair dul 'na gcléith-mheadhón
Re linn catha do leabhair-chur.



Cuir catha le gasradh dod chrú gan cháim,
Tuir chalma na Mangartan gan ghrúid roimh
chneadhaibh;
Cuir gairm ar shliocht Chairbre Mhúisg gan
spás,
Fir mheardha nach measaidh bheith umhal do'n
stát.
Stát tíre Uí Thuathaláin,
Do bhí áir na Mumhan tillte,
Go teacht duit-se mar uachtarán
Ag díon tuaithe agus cille.



Cill do bhí i ndaor-bhruid is tuath go léir,
Gur smuain do ghnaoi ríoghdha so fuasgladh
péin;
Gaill ag luighe thíos ortha is thuas gach lae,
Is gan suim ag druing choimhithigh i n-uaislibh
Gaedheal.
Gaedhil gan sos d'á ndaor-chiorrbhadh
Re claon-bheartaibh fear Sagsan;
Níor ghar duit-se éisdeacht riú,
A mhic Mhogha Néid neartmhair.



Neartmhar an dream campa do bhráithreach
Gaoidheal,
Aicme leabhair cheannsa na sár-mhac ríogh;
Gasradh Gall, sgannraigh tar sáile an
bhuidhean;
Budh leat-sa Teamhair, Eamhain Mhacha, is
tráig an trír.
Triar mac do bhí ag caomh-Oileall,
Níor ghar a ndaoradh, an triúr-so;
Ó taoi-se ar shliocht an saor-thoir-
bheart,
Ghabh géilleadh agus umhla.



Umhluigh, bainidh' 's is dleaghthach do phór do
chrú,
Dod chúinne gaisge Bunraite 's ní tóim dho
súd,
Cumha ná gabhaidh i gcreachaibh an Róistigh
chughaibh
Gan dúnta an Bharraigh do leagadh 's do
dhóghadh go húir.


L. 149


Uir fá ionnmhas Eóchaille
Ag clannaibh Eoghain na nguais-
bheart;
Corcach Mhumhan dhóighfir-se,
Leat féin Fódla agus fuasgail.



Fuasgail an-bhruid Bhanba, a thriath Chárrthaigh
Uasail acfuinnigh chalma chliath-láidir;
Do thuathaibh Teamhrach bainidh bhar riaráiste,
Sguab a gceannas do Ghallaibh gan phian-
ghábha.
Fine Ghearailt na slógh síodh,
Ceangail re a chéile a gcomhlíon,
Saoithe ionnarbtha na dtréad
dtrom
Laochra ionnarbtha eachtronn.



Eachtruinn choidhche i mbruighin má mheasaid
do chlódh,
Gearaltaigh bíd red thaoibh, a mheanmnaigh
mhóir,
Gasradh ríoghdha is gníomhach gaisgeamhail
comhall
Fóill ná dearmaid an dream,
Búrcaigh Mumhan na maoileann,
Sluagh glan-fholláin síthe séimh,
Manannáin chríche chaoimh-Néill.



Néal ar Ghallaibh nach measaid bheith umhal
do'n rígh.
Ó's méin leat sealaid is treasgairt ar
Phiúinitíbh;
Taobh red phearsainn fá mhachaire Búrcaigh
bíd,
Géaga gaisge is na cathaibh gan pudhair do
ghníd.
Ní 'n-ar deireadh do'n d'ioghrais
Builtéaraigh bhró oighion-bhrais;
Ná caill ar t'fhógra do'n fhuil,
Gan chaill Fódla fuasgail.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services