Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht - Béal na Cairrge

Title
Filidheacht - Béal na Cairrge
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



Béal na Cairrge



'S is thiar ag Béal na Cairrge
Táid sáir-fhir ghlé,
Do riarfadh céadta a sgamal-bhroid
Le láimh ghlic thréin,
Lucht labhartha Ghaedhilge Fearainn Luirc
Go líomhtha léigheanta blasda iad
Nach staonfadh choidhche i spairnn chnuic
Roimh namhaid dá mhéid.



Do chuadhas ar stáir ó'n gCathair ann
Le fáinne an lae,
Bhí an drúcht ar bhárr an gheamhair ghlais
Is fás fada ar fhéar.
Bhí an ghrian go lónnrach taithneamhach
Ag sguabadh an cheoidh de barra chnoc
'S an chuach ar gheoig a' labhairt ann
'S na táinte mion-éan.



Ach, b'aoibhinn leat bheith sealadh ann
Fé sgáth choille ar fhéar,
Ag féachaint ar na garbh-chnoic
Is sgáil trasna ag téacht;
Na huain i lár an mhacaire
Go suairc i n-áirde ag preabadh aca
'S an ghrian anuas ag teacht orra
Go sámh socair séimh.



Do chuadhas i n-áirde ar bhalla
De'n chaisleán ghroidhe ghlé
'S do chonnach mar tolladh daingean é
Ag namhaid le piléar
'S nuair smaoinim féin ar fhairsingeacht
An chine tógadh 's beathuigheadh ann
Is mé bhíonn go dubh-chroidheach atuirseach
Ó táid siad gan réim.



Tá an Ghaedhilg fós ar mharthain ann
Go láidir tréan
Is béidh go deo fá ghradam ann
Mar bharr an leighinn;
Tá Connradh fear groidhe chalma ann
Gur bh'fonn leo troid le Sasanaigh
Nó fós le haon treibh cheannairce
Bhéadh páirteach le Béir.



Gluaisidh romhaibh a ghasra dhil
Na ráidhte séimh
Buailidh síos na Galla-bhroic
Tá lá a ngonta a' teacht.
Bíodh Gaedhilg dúthchais Fhearainn Luirc
'N bhur mbéalaibh choidhche á spreagadh agaibh
Tá cáirde an Bhéarla caithte anois
'S ní cás linne é.



Tadhg



(Is é fáth gur cheapas an t-abhrán so, cuaird do thugas
ar Bhéal na Cairrge, Domhnach Cásga i n-éinfheacht le
Peadar Ó Laoidhléis, agus mo dhearbhráthair Éamonn.
Rinneamar rothuidheacht ó Bhéal Átha an Fhín. Tá Béal
na Cairrge timcheall ceithre mhíle do'n taobh thoir de
Dhún-Maon-Bhuidhe. Tá craobh ana mhaith de Chonnradh
na Gaedhilge ann, go bhfuil fear breágh Ghaedhealach os
a cionn .i. Mícheál Ó Síothcháin, agus beirt mhúinteóirithe
Gaedhilge nach féidir a samhlachas d'fhágháil i n-aon
pharóiste eile i nÉirinn .i. Pádraig Ó Niatháin agus Pádraig
Ó Muirthuile. Tá Pádraig Ó Niatháin 'na Chómhairleach
Thuathach anois, agus nuair a bhí sé ag gabháil timcheall an
logáin um Cháisg, ag iarraidh guth na ndaoine, ní labhar-
fadh sé éinní leo acht Gaedhilg. Tá beirt bhuachaillí óg
ar lucht na craoibhe seo, ná fuil ag foghluim Ghaedhilge
thar leath-bhliadhain, agus bhuaidh duine aca duais agus an
duine eile dhá dhuais ag Feis Dhúin-Maon-Bhuidhe lá
Fhéile Phádraig. Diarmuid Ó Cruadhlaoich agus Seaghán
Ó Murthuile a n-ainmneacha. Bhí an sgoil ar siubhal
aca nuair bhuaileamar isteach chuca, Domhnach Cásga, agus
ó bhí sean-aithne aca ar Pheadar Ó Laoidhléis, b'é an
fáilte fuaramar uatha a mbirréada do chrothadh i n-áirde
agus trí gártha áthais do leigean asta. Bhí "gach-re-seadh"
eadrainn ar feadh tamaill mhaith agus fuaras abhrán no dhó
ó'n gComhairleach Thuathach. Beidh súil agam le ceann
díobh do chur 'sa "CHLAIDHEAMH SOLUIS" gan ró-
mhoill. Nára fada go mbéam sa stáir chuca arís.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services