Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Bearta Cruadha.

Title
Na Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NA BEARTA CRUADHA DO RÉITEACH.



CEANN AN STÁCA - Seo mar d'imirtí Ceann an
Stáca ar na Crostairíbh. B'éidie go bhfuil easnamh
air seo féin mar níor fhéadas tuairisc an chleasa a
chur ar éinne de sna sean-daoinibh: -



"Cad tá i n-áirde? Ceann an stáca.



Leag ar lár é, go dtí i mbáireach, go bhfuighidh sé
práta, agus rl."



Cad (cé) tá thíos? Arán is im.
Cá bhfuil mo chuid-se? D'ith an luch é.
Cá bhfuil an luch? Tá sé fé'n sop.
Cá bhfuil as sop? Dhóigh an teine é.
Cá bhfuil an teine? Mhúc an t-uisce í.
Cá bhfuil an t-uisce? D'ól an damh é.
Cá bhfuil an damh? Mharbh an búistéir é.
Cá bhfuil an búistéir?
Tá sé thíos annso, thuas annso.
'Cóiriughadh mo leabtha-sa, 'cóiriughadh mo leabhtha-
sa."



Uaireanta eile deirimís: -



"Tá sé thoir annso, thiar annso
Fé chladáinín cloch."



Agus 'n-a dhiaidh sin: -



"An té labhairfidh ná gáirfidh
Go dtí an taca so i mbáireach,
Gheobhaidh sé fiche buille beag,
Fiche buille mór,
Fiche greim seangáin,
Fiche speach ghearáin."



Is minic d'fhuilingeas féin an pianós so.



AN GRUAGACH.



GREANN EOGHAIN RUAIDH. - Ní raibh Eoghain acht
'n-a gharsúinín bheag nuair chas se an chéad bhéarsa
riamh. Bhí sé mar seo lá ag dul fé dhéin an tséipéil
i n-éinfheacht le n-a athair. Sciúirdín a tugtí mar
leas-ainm ar a athair i gcoitchionn. Bhí maidrín ag
gabháil an bhóthair le n-a sálaibh, Ginidhe b'ainm dó.
Nuair shroicheadar an séipéal, d'fhanadar ag cainnt
le chomhursain agus chuaidh Ginidhe isteach timcheall an
urláir. Nuair bhí gnó éigin ag an sagart dá
dhéanamh, theangmhuigh Ginidhe le n-a chosaibh, agus leis
sin d'éirigh sé ar buile. Do dhein sé ar an maidrín


L. 238


agus rug sé greim air agus bhuail sé a cheann i gcoinnibh na
táirsighe amuich. Chonnaic Eóghain beag a raibh
déanta ag an sagart agus bhris sé amach mar leanas: -



"A Ghinidhe, m'anma, b'aindeis é do chúrsaí
Thángais go dtí an t'Aifreann ar maidin le
humhluigheacht
Do cheann chun na táirsighe is tapaidh do stiúrsuigheadh
Agus ní bás gan sagart fuair do mhadradh, a
Sciúirdín."



"Cé leis an buachaill sin?" ar san sagart.
"Liom-sa, a athair,"adubhairt Sciúirdín. "Déanfaidh
sé an gnó fós" ar seisean, ag iompódh ar a sháil.



DIARMAID.



BÉAL LEICE. - Teastuigheann ó "Bhéal Leice"
Gaedhilg d'fhagháil ar "The Atlantic Ocean", "The
Irish Sea", agus "St. George's Channel". Is dóigh
liom gurab í an Ghaedhilg is gnáthaighe ar an gcéad
cheann agus ar an dara ceann, "An Fhairrge Thiar" agus
"An Fhairrge Thoir". Chonnac "An Iar-mhuir" mar
ainm ar an Atlantic, agus Muir Mheann ar an Irish
Sea, i n-áit éigin. Níor airigheas éan-Ghaedhilg riamh
ar "St. George's Channel", acht an ndéanfadh "Sruth
Loch gCarmain" an gnó? - F. an I.



DIARMAID MAC CRAITH AGUS AN FIADH MARBH. -
Bí beirt fhear a' fiadhach lá. Daoine uaisle bh'eadh
iad. Mharbhuighdear fiadh. Bhuail Diarmaid Mac Craith
leó, agus leigeadar ortha ná raibh fhios aca i gceart
canos an fiadh a roinnt. Chuireadar an cheist ar
Dhiarmaid. Seo é an freagra fuaireadar: -



An cheathramha 's a leath ag Diarmaid Mac Craith,
'S an cheathramha gan roinnt ag Diarmaid Mac Craith,
Na cosa 's an ceann
Ag uaislibh na tíre,
'S an croicean mar bhríste ag Diarmaid Mac Craith.



BEIRT FHEAR.



DOMHNALL BUIDHE.: - Do chuir Domhnall Buidhe a
cheathrar ban i ndiaidh a chéile. Do phós sé an
cúigmheadh bean. Oidhche an phósadh bhí scata buachaillí
amuigh ar an mbóthar i n-aice tighe Dhómhnaill. Bhuail
Dómhnall amach rith na hoidhche agus nuair a chonnaic sé
na buachaillí.



"Buailidh isteach a buachaillí," ar seisean leó, "ní
i gcomhnuidhe bheidh Domhnall 'á phósadh 'ná cóir aige
chuige."



BEIRT FHEAR.



Tá go leór daoine san tsaoghal
Is t'fhuil do thréigean tar a gceann,
Luighfid cos ort san gcaeth,
Nuair is léir dóibh do mhaith go gann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services