Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Bearta Cruadha do Réiteach.

Title
Na Bearta Cruadha do Réiteach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Na Bearta
Cruadha do
Réitheach.



TROM, TROM, CAD TÁ ÓS DO CHIONN?



Seo cleas do imireann páistí i mBaile Mhúirne.
Cuireann siad cipín adhmuid sa teinidh agus fágaid ann
é go mbíonn sé dearg; tógaid amach annsoin é agus
má bhíonn sé ar lasadh múchaid an solas i dtreó ná
bíonn air acht bior dearg ar nós an iarainn do-
chífeá dearg ag gabha i gceárdchain go minic. Ann-
soin deireann an té go bhfuil sé i n-a láimh aige,
leis an té is giorra dho. "Seo mo bhirrín duit."



"Cad is fiú do bhirrín"? adeireann an duine eile.
An chéad duine. "Birrín beó, birrín marbh, má
fhaghann mo bhirrín bhás 'dir do dhá láimh beidh an
trom, trom ort. Sicín circe ag siubhal na muinge
a coisín briste 's beart uirthi." Annsoin tugann sé
do'n duine eile é agus iompuigheann sé sin ar an té is
giorra dhó ar an dtaobh eile agus abrann. "Seo mo
bhirrín duit." Nuair a bhíonn na focail go léir
ráidhte tugann sé dhó é agus deineann sé sin an cleas
céadna arís. Gabhann an birínn an timcheall chúcha
go léir, b'fhéidir a trí no ceathair d'uairibh mar sin
acht bíonn an-dheithneas ag teacht ortha nuair bhíonn an
smól ag dul i n-éag agus caithid uatha é chómh luath 's do
bhíonn an focal deireannach as a mbéal, acht bíonn
sé de mhí-ádh ar dhuine éigin aca go bhfaghann sé bás
'dir a dhá láimh agus annsoin bíonn an trom trom air;
is é sin, caitheann sé púicín do chur ar a shúilibh agus a
cheann do leogaint anuas ar shuidheachán cathaoireach
agus fanamhaint annsoin ar a chromara faid do bheidh
na páistí eile ag soláthar gach éan-nídh is maith leó ar
fuaid an tighe le cur ar a dhrom. Abair gur fód
móna an chéad rud do chuirid ar a dhrom déarfaidh
duine aca. "Trom, trom, cad tá ós do chionn?"
Measfaidh sé do réir meadhchaint an rud, cadé an
saghas é. "Buidéal" adéarfaidh sé. "Fan annsoin a
fhóid móna go dtiocfaidh an buidéal" adeárfaidh siad,
agus sceartaid go léir annsoin ar gháirídhe agus ar shult
agus ar mhagadh fé. Cuirfid siad an ursal ar a dhrom
annsoin - "Trom, trom, cad tá ós do chionn?"
adéarfaidh siad. "Bata," adéarfaidh sé. "Fan
annsoin a ursail go dtiocfaidh an bata," agus bhíonn
an liughadh céadna arís aca. Bhíonn siad ag gabháil
dó mar sin go dtí go n-innseann sé sa cheart dóibh
cad tá curtha ar a dhrom go déidheannach agus annsoin
tógtar de an t-ualach go léir. Cuirtear an
cipín sa teinidh an t-ath-uair agus tosnuightear an
cleas arís ar an nuadh.



PÚCA NA nADHARC.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services