Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Hóró, Mo Nighean Donn Bhóidheach.

Title
Hóró, Mo Nighean Donn Bhóidheach.
Author(s)
Ua Catháin, Giolla Brighde,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Hóró, mo nighean donn bhóidheach.



Hóró, mo nighean donn bhóidheach,
Hírí, mo nighean donn bhóidheach,
Mo chailín lághach bhóidheach,
Ní phósfainn acht tú.
A Pheigí dhonn na mbláth-shúl,
Gur throm a thug mé grádh dhuit,
Tá d'íomháigh ghaoil a's d'áilleacht,
De ghnáth ag tigheacht fám' shúil,
Hóró, mo nighean, agus rl.



Nuair bhídheas i do láthair,
Ba shona bhí mo látha,
Ag sealbhughadh do mhánrain,
Is aille do ghnúis,
Hóró, mo nighean, agus rl.



Acht riamh ó d'fhág mé d'fhiadhnuis,
Go bhfuilim dubhach, ceanamhail,
Mo chroidhe trom 'ga phianadh,
Le hiarghuin do rúin,
Hóró, mo nighean, agus rl.



Gé lúrach ar an chabhsair,
Na mnátha óga gallda,
A rígh! gur bheag mo gheall-sa,
Ar béith 'fhéuchaint 'na ngnúis,
Hóró, mo nighean, agus rl.



Acht nuair a thig an samhradh,
Bhéarfad sgríobh do'n ghleann úd,
Is tógfad liom do'n ghalldacht,
Go h-annsamhail. mo phlúr.



[Dán eile do fuaras i n "Amhránuidhe Mac Léighinn
na hAlbann." Cabhsair, Causeway; Lúrach, sprightly?
annsamhail, affectionate].



Giolla Bhrighde Ua Catháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services