Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cormac Mac Cuileannáin.

Title
Cormac Mac Cuileannáin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CORMAC MAC CUILEANNÁIN
--



Bha é Sneidhghius eagnaide ó Dhísert Diarmada, do
bhí mar oide ag Cormac Mac Cuileannáin. San
mbliadhain 885 fuair Sneidhghius bás. San mbliadhain
896, bhí malairt ríogh i gCaiseal .i. Cormac Mac
Cuileannáin i n-ionad Cinnghéagain nó Fionnguine.



San mbliadhain 902, bhí slóigeadh fear Mumhan le
Cormac Mac Cuileannáin agus le Flaithbheartach go
Maigh Léana. Tionóladh leath Chuinn i n-a n-aghaidh
annsin ag Flann Mac Maoilsheachlainn agus fearthar
cath eatorra nó gur claonadh ar leath Chuinn agus do
cailleadh Maolcraoibhe Ua Cathaláin ann. Bhí slóigh-
eadh eile le Cormac agus le Flaithbheartach ar Uibh Néill
an deisceirt agus ar Chonnachtaibh go dtugadar gialla
Connacht i n-a gcobhlaighibh móra ar Sionainn agus do
creachadh innseadha Locha Ríbh leo.



San mbliadhain 903 do bhí cath Bhealaigh Mughna le
Flann Mac Maoilsheachlainn, rí na hÉireann, agus le
Cearbhall Mac Muirigein, rí Laighean, agus le Cathal
Mac Conchobhair, rí Connacht, ar Cormac Mac Cuil-
eannáin, rí Caisil. Do claonadh an cath ar Chormac.
Tháinig sé slán i dtosach an chéad-chatha; acht do léim
a chapall i gclais agus do thuit an rí de 'n chapall. Ó
choncadar dream d'á mhuinntir sin agus iad ar rioth ó'n


L. 540


gcath, thángadar d'ionnsuighe an ríogh agus do chuireadar
ar a chapall arís é. Is annsin do chonnaic sé dalta
dhó féin, uasal d'Eoghanacht do b'eadh é, Aodh a ainm,
saoi eagna agus breitheamhnachta agus seanchasa é agus laidne
Is eadh adubhairt an rí leis: "A mhic ionmhuin," ar
sé, "ná lean díom-sa acht imthigh as amhail is fearr a
thiocfas leat. D'innis mé dhuit-se roimhe so go
muirfidhe mise san gcath so." D'fhan beagán daoine
i bhfochair Chormaic agus tháinig roimhe ar fud na slighe agus
ba iomdha fuil daoine agus capall ar fud na slighe sin.
Do scuir cosa deireadh a chapaill ar an tslighe
shleamhain i sliocht na fola sin; thuit an capall ar a
ais siar. Briseadh druim agus muinéal an ríogh ar
a dhó adubhairt sé agus "In do lámhaibh-se, a Thigh-
earna, toirbhirim mo sriorad," agus thug sé anam
uaidh. Tagaid na mic mallachtan éagchráidhbheacha agus
ghabhadar sleagha dá cholainn agus bhaineadar a cheann
dá cholainn.



Ba sgéal brónach a thuitim, óir rí, easpog, manach,
sgríbhneóir, agus eagnaidhe críochnuighthe i dTeangaidh na
Gaedhilge do b'eadh é. Fiach Ua Ugfadhan ó Denlis
is eadh do bhain a cheann de Chormac.



MAOLMHUIRE.



Do sholathruigh agus d'aistrigh go beo-Gaedhilg
é Annálaibh Ríoghachta na hÉireann agus ó
Réamhfhocal do "Three Irish Glossaries,"
le Whitley Stokes.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services