Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


--
Clodhanna
Nua.



LEABHAR URNAIGHTHE. Comhlucht na fírinne
Catoilice. Sagart Riaghalta do ghléas. Pinginn a
luach.



Tá comh-lucht na fírinne Catoilice ag brostughadh
ortha féin fé dheóidh chun leabhair d'oirfadh do
Ghaedhilgeóiríbh do chur i gcló. Ba mhithid dóibh soin.
Go deimhin is fiú an leabhrín seo feitheamh air. Is
mór an luach pingne é; tá suas le cheithre fichid
leathanach ann. Tá na gnáth-urnaighthe go léir ann,
urnaighthe maidne is tráthnóna, urnaighthe ag Aifreann,
faoisdin is comaoine, na gnáth-liodáin agus gach rud do
b'éidir d'fhagháil i leabhraibh beaga urnaighthe Béarla.
Acht fairis sin tá urnaighthe áirighthe eile ná fuighfidhe
ins gach éan-áit i leabhraibh Béarla féin. Bhí urnaighthe
ag Gaedhil riamh i gcóir gach éan-ocáide. Tá mór-
chuid de na sean-urnaighthe seo caillte foríor, acht
tá san leabhrín seo a lán d'urnaighthe nua d'oirfidh
go maith d'óg is d'aosta na Gaedhealtacht. Níl éan-
eagla orainn ná go mbeidh árd-cheannach air. Beidh
sé ar fagháil gan amhras san mbosca i ngach séipeal
i nÉirinn.



--



LEABHAR AN ATHAR EOGHAN. The O'Growney
Memorial Volume. Agnes O'Farrelly, M.A. Dublin:
M. H. Gill agus Son. Ltd. London: David Nutt. Long
Acre. W.C.



Sid í an iarracht is mo agus is tábhachtaighe a thugadh
fós ar bheathaidh an Athar Eoghan a scríobhadh is a chur
os chomhair mhuinntir na hÉireann. Sid é an leabhar
is mó, ar cheist ag baint le Connradh na Gaedhilge,
dár chuireadh i gcló fós. Ní fuláir nó tuilleann an
iarracht so Úna Ní Fhearcheallaigh moladh uainn. Do
bhí gábhadh le n-a leithéid so de leabhar. Is iomdha
duine atá taréis eolas maith ar an nGaedhilge a
phiocadh suas as "Na Ceachta Simplidhe" agus ná
raibh a bheag ná a mhór d'eolas aige ar bheathaidh
an té do chéad-thosnuigh ortha, an Athair Eoghan féin.
Tá an t-eolas soin ar fagháil anois, agus badh cheart do
gach fíor-Ghaedheal an cunntas so ar bheathaidh, ar
shaothar is ar thréithibh an Athar Eoghan a leigheann is á
mheabhrughadh, agus aithris a dhéanamh ortha i n-a
bheathaidh féin. Mo mhíle-thruagh-sa a té a léighfadh
"Leabhar an Athar Eoghan," agus chífadh an cuma n-ar
oibrigh an sagart ciúin seo ar son na Gaedhilge chun
go rug an bás greim air, agus 'n-a dhiaidh-san ná
déanfadh cíon fir chun na teangain a ghráidh an


L. 580


tAthair Eoghan a leathnughadh. Ní hag cainnt do bhíodh
an tAthair Eoghan. Bhíodh sé ag obair is ag síor-
obair. Buidheachas le Dia, chímíd go léir cuid de
thoradh na hoibre soin. Má chabhruighmíd le chéile, gach
éinne ag obair do réir a ghustail is a aigne féin, is
gairid an mhoill go mbeidh an teanga so "sheana-mhná
lughaidh" ar láimh sábhála. Is maith an sompla dhúinn
le coimeád i gcomhnuidhe os comhair ár n-aigne,
beatha an Athar Eoghan. Badh chóir go mbeimís
buidheach d'Úna Ní Fhaircheallaigh chionn duadh na
hoibre seo a thógaint ar láimh, is de bhrígh gur tré
n-a saothar-se go bhfuil an leabhar mór-thairbheach so
ar fagháil againn.



Dála a leabhair féin tá suas le cheithre chéad
leathanach ann. Leathanaigh mhóra is eadh iad leis.
Tá sé roinnte n-a thrí chodaibh. San gcéad chuid
gheibhmíd cunntas ar shochraid an Athar Eoghan, ó Los
Angelos i gCalafúire go hÉirinn, agus ó Bhaile
Chuain Chorcaighe go Maigh Nuadhat. San darna cuid
tá aistí is ceachtanna ag baint le beathadh an Athar
Eoghan, is ag tagairt do na mór-thréithe bhí ann.
Fuair sé a chion ó gach éinne idir chléir is tuaith, i
nÉirinn is tar sáile. Ní bhfuair acht do réir mar do
thuill. San tríomhadh cuid, tá bailighthe le chéile,
urmhór de sna rudaíbh a b'fhearr a scríbh an tAthar
Eoghan i nGaedhilg is i mBéarla. Tá os cionn deich
gcinn is cheithre fichid de phictiúiríbh idir bheag agus
mór scaipithe annso is annsúd ar fuid an leabhar.



Níor bh'éidir, san mbeagán slighe atá ar ár réir
annso, cunntas oireamhnach a thabhairt ar an leabhar
so. Tá súil againn go gceannóghaidh gach Gaedhil-
geóir cóip de na chóir féin, is gan bheith ag bráith ar
chunntas d'fhagháil air i bpáipéaríbh. Is féidir é
fhagháil i gclúdach páipéir ar choroin, i gclúdach
eadaigh ar thrí leath-choróineacha, acht tá edition de
luxe ann a chosnann chúig leath-choróineacha. Is iao
muinntir an Chló-Chumainn a chuir i gcló é, agus go
deimhin is maith a dheineadar soin.



Ní féidir teóra a chur leis an maitheas a dhéanfaidh
an leabhar so do'n Ghaedhilg i n-áiteanna áirithe, áit-
eanna n-a bhfuil ghábhadh le hobair ar son na
Gaedhilge. Dá bhrígh sin cuirimíd fáilte is céad
roimh "Leabhar An Athair Eoghan."



--



MAC AN IASGAIRE.



Sid é an tarna leabhrán de leabhráin Locha Léin.
Do b'é "Caoilte Mac Rónáin" do scríbh an scéal
so Mhic an Iascaire agus b'é "Oisín" do chuír i
n-eagar é; nídh nach iongnadh fuarthas congnamh ó
Fhéinnidhigh eile leis, ar shon na hinnistar soin
dúinn. Tá Gaedhilg dheas shimplidhe i "Mac an
Iascaire." D'oirfadh sé go seóidh do bhuidheanta a
bheadh thar an dtríomhadh leabhar de na "Ceachta
Simplidhe" nó de na "Ceachta Beaga." Badh mhaith an
aise dhúinn tuilleadh leabhráin de'n tsórd so a bheith
againn, agus ní baoghal ná go bhfuigheam a thuilleadh
dhíobh ó'n bFéinn.



--



FOCLA GNÓTHA AGUS A GCORA CAINTE. "Tomás
Bán" .i. Tomás Ó Concheanainn do shaothraigh. Ar na
chur i gcló do Chonnradh na Gaedhilge, 1904. Leath-
raol.



Do bhuaidh Tomás bán an duais le hearradh an
leabhair seo san Oireachtas, 1902, agus go doimhin is
mithid é thrácht i gcló anois. Ní aontuighmíd le cuid
de "théarmaíbh" Thomáis, acht ní fhágann soin ná go
ndéanfaidh an leabhrán so maitheas. Ba mhór an
truaigh nár cuireadh adhbar an leabhair seo i gcló ar
dtúis i gceann éigint de sna páipéiríbh Gaedhlacha i
slighe go bhfeicfadh gach éinne na focail seo agus go
mbeadh díospóireacht againn mar gheall ar chuid aca.
N-a dhiaidh-san d'fhéadfaidhe na focail do b'oireamh-
naighe a chur san leabhar. Dá bhfaghadh Fear Eagair an
Irisleabhair "Bille Seólta" i gcóir £20, cad é an
t-áthas a bheadh air dar leis; acht: tar éis an "Bille
Seólta" a léigheamh dhó is baoghlach go mbeadh "fad
a bhaise bhreill" air!



--



AN PLEIDHSEAM: Trí Sgéalta draoidheachta ó Thír
Chonaill, Peadar Mac Fhionnlaoich do sgríobh.
Baile Átha Cliath: Ó Goill agus a Mhac, agus An
Cló-Chumann. Tuistiún comhthrom.



Trí chinn de sheana-scealta is eadh iad so. Is
amhlaidh a scríobh Séamus Mac Maghnusa síos iad i
mBéarla a béalaibh daoine agus annsoin do chuir
Peadar Mag Fhionnlaoich Gaedhilg ortha. Do
b'fhearr linn iad d'fhagháil san nGaedhilg ar dtúis
acht ní fuláir a bheith sásta leis an earradh atá
againn. Tá na scéalta so coitchianta i ngachpáirt,
den dúthaigh. Tá i ndeireadh an leabhair seo foclóir
beag áiseamhail n-a bhfuil míniughadh na bhfocal is
cruaidhe ins na trí scéalta. Badh chóir go mbeadh
ceannach ar an leabhar so i leath Chuinn go háirithe.



--



THE IRISH UNIVERSITY ADVOCATE: Seo
páipéar nua atáthar á thabhairt amach uair san mhí
fé chúram cumann liagh na hIolscoile Caitlicidhe.
Tháinig an chéad cheann amach ar an ochtmhadh lá fichead
de Mhárta. Tá roinnt aistí gasta bríoghmhara ann
ag tagairt do cheist an Oideachais Uachtaraigh. Is é
an Dochtúir Donnchadh Ó Cobthuaigh an fear eagair,
is ní dóigh linn go bhféadfaidhe a fhagháil i nÉirinn
fear ní b'fhearr chun an ghnó soin. Ní'ltar ag
dearmhad na Gaedhilge ann mar tugaimíd fé ndeara
alt d'oirfadh go maith do dhochtúirí ins na ceanntair
Ghaedhealacha. Badh mhaith linn aistí ó Dhochtuir Ó
Luingsigh a fheicsint ins an gcúinne úd. Ní fuláir
nó d'eistfidhe le n-a theagasc-san, agus tá taithighe
aige ar a ghno a dhéanamh trí Ghaedhilg.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhanistige go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 580b


ADVERTISEMENTS



Smuainte ar Árainn,



I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c.,
Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, agus d.
Fá éadach, I/-; tríd an bpost, I/2.
Fá leathar, I/6; tríd an bpost, I/8.



Aodh Ó Néill. Drama Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis."



Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services