Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.

Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE



Donnchadh Ó Laoghaire



Do scríobh.



(Ar leanmhaint.)



Tháinig anois an mhaidin éachtach úd n-a
raibh an Cineadh Gaedhlach chum buille dian
do bhualadh ar son a gCreidimh is a ndúithche.
Ghluaiseadar anois ó n-a longphort go moch
ar maidin agus an laoch groidhe agus an
Rí óirdhearc ar a gceann. Bhí sé chum a
shluagh do stiúradh san ngleó, acht d'impidh
a chlann agus a cháirde air, toisc é bheith
chómh haosta gan aon pháirt do thógaint
san gcath, acht an príomh-theidioll do
thabhairt dá mhac Murchadh. Nuair do
thángadar cómhgarach d'áit an choinne, do
stad an sluagh agus do shiubhail Brian ó
roinn go roinn agus crois n-a láimh aige,
chum a chuir i n-umhail dóibh gur i gcuimhneamh
an lae sin do fuair ár dTighearna Íosa
Críost bás ar a son. D'impidh sé ortha
comhrac ar son a gCreidimh agus a dtíre.
Thug sé comhartha dhóibh annsoin cath do
bhualadh, agus chuaidh féin ar gcúl chum
a chábáin. Níor bh'iongnadh gur árduigh
Brian croidhthe a laoch groidhe leis na béo-
fhoclaibh bríoghmhara dár labhair sé leó
n-a rosc-chatha. Aon duine do léigh no
d'airigh a rosc-chatha ó pheann an Athar
Peadar Ua Laoghaire, déarfaidh nár cumadh
caint ó chruthughadh an domhain mar í.



Thosnuigh an cath dásachtach anois, fear
i n-aghaidh fir, agus do throid na taoisigh
ag cliathán a gcuid fear. An tráthnóna
roimhe sin chuir Lochlannach dar bh'ainm
Platt fógra chum an airm Gaedhlach, go
dtiubhradh sé comhrac éin-fhir don bhfear
a b'fhearr a bhí aca, agus thóg Dómhnall an
Stíobhard Mór suas é. Do léim an Loch-
lanach ar aghaidh sul ar buaileadh aon bhuille
agus ghlaoidh sé amhach trí huaire: "Cá
bhfuil Domhnall?" "Táim annso a chladh-
aire," arsa Domhnall. Do comhraiceadar
annsoin ós cómhair an tsluaigh, agus
thuit an bheirt ar an láthair sin, agus a
gclaidhmhte tré chroidhthibh a chéile agus a
lámh a i n-acharann i bhfolt a chéile.



B'iad na céad ranna do bhuail le chéile
ná Clann Chais agus na Danair Allmhurdha.
Annsoin na Connachtaigh agus Lochlannaigh
Bhaile Átha Cliath, acht ní ró-fhada go raibh
an cath coitcheann eatortha. Ó mhaidin go
hoidhche do lean an cath gan sos gan
staonadh. Thug na Gaedhil togha na haire
don mhíle Lochlannach i gcótaibh iarainn,
agus níor fhágadar duine dhíobh beó gan
blúirí beaga dhéanamh dhíobh, mar nár
b'aon chumhdach a sciatha a gcoinnibh tuagh-
anna troma Cloinne Chais. Bhí Sitric ag
faire ar an ngleó anois ó n-a dhún, agus
chuir sé i gcompráid é le buainteóirí ag
buaint arbhair. Shaoil Sitric aon uair
amháin go raibh na Danair ag fághail an
lámh-uachtair ar an muinntir eile, agus
dúbhairt sé le n-a mhnaoi, inghean Bhriain,
gur mhaith an díol ar na hAllmhuraigh an
gort do bhuaint, acht dubhairt sise leis
fanamhaint go deireadh an lae agus go
mbeadh a fhios aige annsoin cia'r bh'iad na
buainteóirí. Deirthear gur dhein Murchadh
éirleach ar na hAllmhuraigh agus gur ghaibh
sé tríotha trí huaire i ndiaidh a chéile, dá
ngearradh anuas ar gach taobh dhe, mar bhí
claidheamh trom in gach láimh leis ná fágfadh
fuigheal béime n-a dhiaidh. San deireadh
do tháinig sé ar Shigurd do bhí ag déanamh
éirligh ar Chloinn Chais. Deirthear go raibh
bratach aige seo, do dhein a mháthair do le


L. 593


bárr draoidheachta. Bhí cuma féich dhuibh
air agus nuair a shéid an ghaoth, do chroith-
eadh sé a sciatháin. Thug sé buadh chum
Siguird i gcómhnuidhe, acht duine ar bith
d'iomchuróghadh é, bhí an bas i ndán do, acht
anois i láthair sluagh Críostuidhthe chaill sé
fearta an bhuadha, acht níor chaill sé an
mí-ádh do bhí i gcómhair an té go mbeadh sé
aige. Chuaidh Murchadh chum cinn agus do
mhairbh sé an duine go raibh sé aige, agus
bhí comhrac dian idir é féin agus Sigurd.
Ghlaoidh Sigurd amach chun Harfin Ruadh
dhá rádh leis an bratach do thógaint, acht
dúbhairt Harfin leis a dheamhan féin d'iom-
chur. Thóg Sigurd annsoin é is chuir sé fé
n-a chlóca é, agus d'iompuigh sé thar n-ais
ar Mhurchadh. Bhuail Murchadh buille le n-a
láimh dheis air, do bhain dhe a sciath, agus
leis an láimh chlé leag sé fuar marbh ar an
dtalamh é.



Ag déanamh amach ar an dtráthnóna thug
na Gaedhil ruathar nimhneach fútha agus
b'éigin dhóibh teicheadh rompa. Deirthear
gur sheasaimh Maolsheachlainn agus fir na
Midhe ar leathtaoibh ar feadh an lae.
Deallruigheann sé ná raibh grádh ró-mhór
aige do Bhrian, agus go raibh sé ar aigne
rud éigin do dhéanamh dho féin. Bhí a fhios
aige um an am so go raibh an buadh leis
an sluagh Gaedhlach, agus nuair a chonnaic
sé na Lochlannaigh ag teicheadh chum a long,
sháruigh sé féin agus fir na Midhe iad. Bhí
na Lochlannaigh anois mar a bheadh girrfhiadh
idir chonaibh. Bhí an taoide istig san am
chéadna, i dtreó go raibh a luingeas i
bhfad amach uatha. Bhíodar teanntuighthe ag
Maolsheachlainn ar an dtaobh eile agus
annsoin bhí Clann Chais n-a ndiaidh ar
séideadh. Dheineadh smiotaí beaga díobh ar
an áit sin, agus an chuid do theich ón
gclaideamh cluithcheadh isteach san bhfairrge
iad agus báthadh iad. Sé an áit is mó
dheineadh éirleach ortha ná ó Dhroichead
Bhaile Bhocht go dtí na Cheithre Cúirteanna.
Bhí radharc breágh ar an ruaig ó Dhún na
Lochlannach, agus cad é an t-áthas do bhí ar
Ghormfhlaith, bean Shitric, nuair a chonnaic
a muinntir féin go caithréimeach ag ruag-
airt a námhad. B'é a hiarracht-sa labhairt
anois, is dubhairt sí gur bh'fhollus di féin
go raibh na hAllmhuraigh ag déanamh ar an
áit gur dhual dóibh bheith, agus gur chosmhuil
iad le scata bó bheadh ag ruith le faoibín
lá samhradh, acht ná féachaid mar bha d'fhan-
fadh chum a gcrúidhte. 'Sé an freagra thug
Sitric uirthi na buille thabhairt fá'n mbéal
di, do bhris ceann dá fiaclaibh.



Tá an taobh is brónaighe de'n scéal le
hinnsint fós, agus má bhí an buadh le
muinntir na hÉireann dhíoladar go daor
as. An tubaist do thárlaidh an lá soin, tá
sé ag goilleamhaint ar an dtír mhí-ádh-
bharaigh seo fós, agus is baoghlach go mbeidh
go fóill. Tar éis an ruaig do chur ar na
Lochlannaigh, do rith fo-cheann aca annso
agus annsúd, agus pé áit na mbuaileadh
duine úmpa, mharbhóghaidís é. Casadh
Murchadh ar cheann aca so, agus bhí sé chómh
tnáithte ó chomhrac an lae, ná raibh sé ar a
chumas a lámha d'árdach. Dhein an Lochlann ach
so dar bh'ainm Annrud air go fiadhain
agus go dána. Do rug Murchadh greim
daingean air, agus bhuail sé fé thíos é, agus
rug sé ar chlaidheamh an Lochlannaigh agus
chuir sé trí huaire tre n-a chroidhe go talamh
é. Thug Annrud rop dá scin do Mhurchadh
san gcliathán agus é an uair sin ag lúb-
arnaigh i bpiantaibh báis, agus níor mhair
Murchadh acht go dtí an mhaidin do bhí
chughainn dá dheascaibh. Fuarathas mac
Mhurchadh, Toirdhealbhach, i ndiaidh an chatha
báidhte ag corainn na Tolcha, is a lámha i


L. 594


n-acharann i mbathas cinn Lochlannaigh aige.
Acht bhí scéal ní ba dhona ná iad so le
hinnsint fós. An fhaid do bhí an cath fuil-
teach ar siubhal d'fhan an Rí oirdhearc n-a
chábán ag guidhe go dúthrachtach ar feadh na
haimsire. Bhí giolla aige dar bh'ainm
Laitean agus do fhan sé so ag an doras
ag féachaint ar an gcath agus tamall amach
ón gcábán bhí gárda láidir dá fhaire. Go
luath san lá d'fhiafraigh an Rí dá ghiolla cion-
nas mar bí an cath. D'fhreagair Laitean go
raibh an dá shluagh meascaithe tre chéile, is
gur chosmhuil fuaim a mbuillí le sluaighte
do bheadh ag gearradh Coill Thómair le
tuaghanna. "Cím brat Mhurchadh go buacach
agus bratacha Chlann Chais len' ais." Tar
éis tamaill eile d'fhiafraigh sé cionnas mar
bhí an scéal aca, acht dubhairt a ghiolla leis
go rabhadar chómh meascaithe sin tre chéile,
agus clúduighthe le fuil is smúit, na
haithneóghadh an t-athair a mhac. Go raibh
mórán tar éis tuitim, acht go raibh brat
Mhurchadh i n-áirde fós. "Is maith é sin,"
ar san Rí, "chómh fada gus chífidh fir
Éireann é sin troidfid go misneamhail."
D'fhiafraigh sé an tríomhadh uair den
ngiolla cionnus mar a bhí aca. Dubhairt
seisean gur cuma é anois, agus dá mbeadh
Coill Thómair ar lasadh, agus na sluaighte
ag gearradh anuas na mion-chranna, agus
ag fágaint na gcrann mhór n-a ndiaidh.
Atá an lá fagháltha ar na hAllmhuraigh, acht
tá brat Mhurchadh tar éis tuitim." "Is
olc na scéala iad so," ar san sean-rí,
"má tá Murchadh tar éis tuitim, tá cródh-
acht bhfear nÉireann imthighthe, agus ní
feicfid go deó laoch mar é." Do chrom sé
síos agus ghuidh go dúthrachtach.



Nuair a chonnaic an gárda do bhí ag
Brian an ruaig dá chur ar na Lochlannaigh,
shíleadar go raibh Brian ó bhaoghal anois,
agus leanadar an fiadhach. Do tháinig
scannradh ar laitean nuair a chonnaic
sé go raibh fágtha in' aonar le Brian.
Dubhairt sé go raibh mórán de sna hAll-
mhuraigh timcheall ortha is go mb'fhearra
dhóibh brostughadh go dtí an longphort mar
a mbeidís sábhálta. "Ní fhéidir dhúinn
teicheadh mar tá fhios agam ná fágfad an
áit seo beó, agus sé mo léan mé bheith
beó i ndiaidh Mhurchadh im' sheanóir, agus i
ndiaidh laochraidhe eile Chloinne Chais." Dhein
sé uadhacht annsoin i láthair a ghiolla, agus
do bhronn a mhaoin ar an eaglais, agus
d'órduigh a chorp d'adhlacadh i nÁrd
Macha. Do lean air annsoin ag rádh a
phaidreacha. Do thárlaidh gur theich Bródar
agus cuid dá cháirde ón gcath agus dhein-
eadar ar an gcábán. "Cím daoine éigin
ag teacht," arsa Laitean. "Cé an saghas
daoine iad?" d'fhiafraigh an Rí. "Daoine
glasa lomnochtaithe," ars an giolla. "Sin
iad na Lochlannaigh i gcótaíbh iarainn," ar
san Rí, agus leis sin léim sé n-a shuidhe, ag
tarraing a chlaidhimh. Do léim Bródar
chuige agus tuagh-chatha dhá-fhaobhair aige,
acht d'aimsigh an Rí é le buille dhá chlaidh-
eamh do sciob an dá chois dhe. Acht ar linn
don nDanair fhiadhain tuitim do tharraing
sé a thuagh ar Bhrian ag baint an chinn ón
gcolainn de. D'fhill an gárda thar n-ais
gan moill, acht bhíodar déidheanach. Bhí an
tubaist agus an léir-scrios déanta rómpa.
Bhí an Rí oirdhearc agus an laoch groidhe
annsúd gan lúth n-a bhallaibh, sínte go
faon-lag rómpa, agus a dhúnmhairbhtheóir
len' ais ag fulang cruadh-phianta bháis.
Deirtear gur rugadh ar Bhródar agus gur
ceangladh de chrann é, agus fágadh ann é
ag búithrigh mar a bheadh beithidheach allta
chum gur stracadh amach a ionathar.



Nuair airigh Maolmórdha Árd-Easpog


L. 595


Árd Macha a bhás tháinig sé féin agns a
mhanaigh go Sórd Chuilm Cille chum an
cuirp d'iomchar go hÁrd Macha. Bhí tórramh
i n-Árd Macha ar feadh dhá lá dhéag. 'N-a
dhiaidh-san d'adhlacadh Brian ar an dtaobh
thuaidh do'n árd-altóir i gcomhrainn chloiche.
Do hadhlacadh an mac ar an dtaobh
theas san gcill chéadna. Do cuireadh
Toirdhealbhach agus mórán de sna taoisigh
eile i reilg Chíll Mhaghnáin. Chómh luath
agus bhí na cuirp curtha aca, ghluais
Donnchadh agus Clann Chais go Ceann
Corradh, ag iomchur na muinntire a goin-
eadh ar chliathachaibh. Tháinig Mac Giolla
Phádruig rómpa ar an slighe agus sluagh
láidir aige, chum cath do chur ortha.
Dhein Donnchadh é féin d'ollmhughadh láith-
reach buill chum cath do thabhairt do. An
mhuinntir a bhí gointe d'orduigheadar
teannta do chur sa talamh le gach duine
aca, agus go gcomhraiceóidís acht beirt
shlána do chuir ar gach taobh dhíobh. Deineadh
amhlaidh. Nuair a chonnaic Muinntir
Osraidhe cródhacht na laoch, ghaibh eagla iad,
agus d'eitigheadar cóirmáireach a dtaois-
each chum cath do thabhairt uatha, i dtreó
nár bacadh le Cloinn Chais.



Má bhuaidh Brian an lá ar na Lochlannaigh
ag Cluain Tairbh do chaill sé ar shlighe eile,
mar i ndiaidh a bháis bhí gach éinne n-a
mháighistir agus gan éinne n-a mháighistir
n-a dhiaidh-san. Ní'l aon amhras ná go
raibh Brian ar aigne gach aon treabhchas do
dhlúthughadh le chéile, agus teidioll Ríogh
bheith ag treibh éigin le hoighreacht. Dá
maireadh a mhac, Murchadh, b'é sin an t-oighre
ceart chum ceannais na hÉireann d'fhagháil,
agus ní'l aon amhras na gur do-san bhí
Brian ag oibriughadh ar feadh a bheathadh
agus dá shliocht mar an gcéadna. An té
go raibh na smuainte sin ag ruith in' aigne,
is deacair aon mhilleán do thabhairt air,
agus rud eile, má bhain Brian amach
ceanas na hÁrd-Righe le laochas dob' fhiú
é an teideal agus an oifig sin, agus do
thaisbeáin sé gur laoch agus rí é, agus go
raibh sé ar a chumas an t-oileán do ríaghlugh-
adh. Níor thoirmisctheóir é, ná aon rud dá
shórd, mar dá mb'eadh, do choimeádfadh sé
a chlann agus clann a chloinne ar an dtaobh
sábhálta den tor. Ní go minic a thuiteann,
trí ghlúine den tsliocht chéadna ar pháirc
an bhualaidh, acht thárlaidh so ag Cluain
Tairbh. Thuit Brian, a mhac, agus mac a
mhic, agus leó-san i dtriúr do thuit clú
agus cródhacht Chloinne Chais.



De bhrígh ná raibh aon oighre dleaghthach i
i ndiaidh Bhriain, thoiligh na flatha eatortha
féin chum Maolsheachlainn do ríoghughadh
gan cead do Mhuinntir Chúige Mumhan.
Do thaisbeáin Maolseachlainn le cródhacht
agus laochas go raibh sé ábalta ar an tír
do ríoghlughadh. Níor dísceadh ar fad na
Lochlannaigh ag Cluain Tairbh, acht do lag-
uigheadh chómh mór san a misneach, nár leig
eagla dhóibh tabhairt fé sheilbh do ghabháil
níos mó. Choimeád Maolsheachlainn fé n-a
smacht iad féin agus na Laighnigh. Fuair
Maolsheachlainn bás san mbliadhain 1022 ag
Cró-Innis, oileán atá i loch i n-aice an
Mhuilinn Cheáirr. Tar éis bháis Mhaolsheach-
lainn bhí Éire gan Riaghaltóir ar feadh fiche
bliadhan. Ní raibh aon fhlaith láidir a
dhóthain chum taoisigh na gceanntar eile
do smachtugadh, agus uime sin, ar feadh
na fiche mbliadhan so, bhi an tír riaghaluighthe
ag beirt d'fhearaibh léigheanta: Conn Ua
Locháin dob' eadh duine aca, scoláire agus
Ardh-Fhile na hÉirinn; agus an ceann eile
Corcrán Cléireach, sagart naomhtha bhí n-a
chómhnuidhe i Lios Mór. Marbhuigheadh
Conn san mbliadhain 1024, agus deirthear


L. 596


an mhuinntir do mhairbh é gur loghadhar sula
bhfuaradar bás. Do riaghluigh Corcrán go
bhfuair sé bás (A.D. 1040). I ndiaidh a
bháis bhí na flatha i mullaighibh cinn ar a
chéile. Bhíodar anois ag réidhtiughadh an
bhóthair don Normannach agus don tSas-
annach. Dá maireadh Brian agus a mhac i
ndiaidh Chluam Tairbh bhíodar ar chumas na
nidhthe so do leigheas. Bheadh Éire anois
n-a náisiún agus rí cómhachtach do shliocht
Bhriain ag riaghlughadh go réimamhail ag
Teamhair na Ríogh nó ag dún soilseach
Cheann Chorradh na féile.



(A chríoch.)
--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services