Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File.

Title
Seán Ó Gadhra, File.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÁN Ó GADHRA, FILE.



I.



Tamall ó shoin agus me ag dul tre
leabhraibh "Stowe" i nAgadaimh Ríoghmhail
na hÉireann do bhuail umam ortha leabhar
ó Chúige Chonnacht n-a bhfuil roinnt dántá
is amhrán a cheap Seán O Gadhra éigin.
Do chuir feabhas a ndéanta iongnadh orm
agus dubhart liom féin gur chóir iad a chur
i gcló. Tá an chéad cheann i gcló annso
agus leanfad ortha go dtí go gcuirfar
críoch leo.



Dálta an leabhair féin, tá timcheall deich
leathanaigh is cheithre fichid ann, den tsaghas
go dtugtar quarto beag air. Tá sé
áirimhthe ar dhornlaigh leabhar de chuid
Stowe, agus I. IV. I. mar chomhartha air.



Sid é brollach an leabhair:



"Me vero primum dulces ante omnia Musae
Quarum sacra fero ingenti perculsus amore."



Oibreacha no an chuid is oirdheirce agus is
foghlumtha de shaotharaibh Sheáin Óig Uí Ghadhra,
(file agus) fallsamh. Ar n-a gcur i n-eagar agus i
n-órdughadh, maille leis an deachtughadh dilis (na)
Gaoidheilge gan chlaochlódh; le Ruaidhrí Mac Diar-
mada, Anno, 1758.



Hibernae gentis, nativo idiomate scripsit
Res gestas, leges, carmina et historias.



Ní fuláir nó scoláire maith Laidne do
b'eadh Seán Ó Gadhra mar is é an chéad rud
a chuireann Ruaidhrí síos n-a leabhar ná
aistriughadh a Gaedhilg i Laidin do rin Seán
ar "An áil libh seanchus Shíol gCéin"
duain tseanchuis do scríobh Tadhg Dall Ó
hUiginn. Do chuir Séamus Ó Gadhra, A.B.,
éigin Béarla air. Tá Laidion is Béarla,
gach re leathanach ann, agus mar sin anuas
go dtí leathanach 22.



N-a dhiaidh-san tá tosach ar an dán thíos,
"Tuireadh na Gaedhilge agus Teascus na
hÉireann," agus tá a chríoch ar leathanach
30. Ní dóigh liom gurab é Sean Ó
Gadhra a scríobh an roimh-rádh. B'éidir gur
ab é Ruaidhrí Mac Diarmada féin a scríobh
é. Foríor tá roinnt leathanach i n-easnamh
ar an leabhar, agus fágann soin sinn gan
críoch an roimh-rádh is gan tosach an tuirimh
féin. Níl sé i n-éin leabhar eile san Aga-
daimh, nó má tá, níl sé áirimhthe ar Chlár Uí
Chomhraidhe. B'éidir go bhféadfam é fagháil
i náit éigin fós. Badh mhór an chreach an
beagán atá i n-easnamh a bheith caillte go
deóidh.



Scríbhneóir deas is eadh Ruaidhrí acht is
dóigh liom go raibh cairt mhaith roimhe is é ag
scríobhadh, leabhar Sheáin féin b'éidir.
I gConnachtaibh curtar "uíu" (abair) ar
an dáfhoghrach "ao" acht go minic ní thagann
"uíu" le fuaim cinn líne mar tá "é" i
gceann na línte tríd síos. Gach tráth
thuiteann so amach cuireann Ruaidhrí "ae"
i n-ionad "ao;" nior mheasas-sa gur chóir
dam atharrughadh a dhéanamh air, agus,
leanas-sa do litriughadh Ruaidhrí. Tá
roinnt nótaí i Laidin is i mBéarla ar
imeall na leathanach ag Ruaidhrí. Gheobhthar
san ngluais thíos iad.



TUIREADH NA GAEDHILGE
AGUS TEASTUS NA hÉIREANN.



Do gríosuigheadh an file oirdhearc fogh-
lumtha Seán Óg Ó Gadhra, ón gCnoc
Reamhar, go mór-mhór do-chum an Tuiridh
seo do dhéanamh, darab ainm Tuireadh na
Gaedhilge agus Teastus na hÉireann, de
bhrigh go bhfuil teanga chomh hoirdheirc sin
leis an Ghaedhilg fo mhí-mheas, ní hé amháin
ag Gallaibh acht ag aithreachaibh dílios na
Gaedhilge féin, mar atá na Gaedhil bhunadh-
sacha, nach bhfuil n-a nGaedhil acht i n-ainm
amháin: oir ní Gaedheal ceart éinneach muna
scríobhfaidh, léighfidh, agus muna dtuigfidh
sé Gaedhilg. Acht mar tharbh mhaol gan


L. 713


scéimh na n-adharc nó mar chrann i lubhghort
gan toradh maiseamhail áluinn mar ba
dhual agusc. Mar sin don Éireannach do
thréigeas a theanga dhíleas féin agus do thóg-
bhas a urbhul (?erball) go huailmhianach go
tíortha eile ag foghluim teangtha choigchrích-
each, agus atá fós anbhfann anbhfiosach i n-a
bhéarla dhílis féin. Amhail adeir Buchanan
le Rígh Séamus I. Ag seo suim a-ndeir
leis i n-a litir chuighe gus an bhFrainc: "Tu
vis otium aliarum gentium res gestas ad
radium scrutari, et omnino domi peregrin-
ari, etc". Iodhon: "Tá tú ró-léigthe chum
bheith feasach forusta i ngníomha táscamhla
chinnte (?chineadhach), acht fós a bheith aineólach
san mbaile, .i. in do teangaidh féin."



Féach mar imdhearguigheas an t-ughdar
barántamhail deagh-mheasta so an rí mór
oirdhearc cumhachtach, agus fós lán-fhogh-
lumtha .i. Rí Séamus, fá mar do bhí ag
tréigean a lingue dhílis, i nAlbainn Ghaedh-
lach i ndáil teangtha aisteartha. Mar sin
imdheargthar Éireannaigh do thréigeas a
lingue mháithreamhail, agus luigheas le
teangaidh eile roimpi, go cruaidh le Seán
Ó Gadhra, le Dochtúir Céitinn, agus le drong
eile d'ughdaraibh barántamhla.



Ní áirimhim iomad de phearsanaibh
Eagailse, théid fo'n bhFrainc, fo'n Spáinn,
fo'n Eadainne, agus fo chríochaibh éagsamhla
na hEórpa, ag staidéar agus ag foghluim
diadhacht, agus feallsa, thigeas chugainn a
bhaile go bláthmhar seascair amhail nathair
nimhe do theilgeas a shean-chraiceann san
Samhradh dhe agus do chuireas craiceann
nuadh san nGeimhreadh air.



Mas sin don druing seo; caillid a
sean-chóta .i. an t-iarmhar beag den
Ghaedhilg do bhí tre bhuntáiste labhartha aca,
agus tógaid in' áit, broscar beag de
theangthaibh eile nach fearrde iad féin ná
sinne. Coinghibhid an phobul i ndorchadas,
oir d'easbhaidh na Gaedhilge oireamhnach ní
chraobhscaoilid an soiscéal iná nidhthe eile
oireamhnach dhon nídh ar a mbíd ag trácht,
agus sin féin mar dheora fola ó n-a mbéal
mar bhíos an tobar dar chóir a bheith ag
gnáth-fhliuchadh le teagasc subháilce agus
críostamhlacht, múchta tachttha d'easbhaidh
teangadh choitcheann na tíre, .i. an Ghaedhilg
liteardha. Chuir an t-ughdar mar an
gcéadna ins an réim seo na …



(Lacuna san lscr annso.)



Nár thaistil acht mír den tír ar éan-
chor,
Nár léig is nár scríobh síos i
nGaedhilg
Cambrens, Camden, agus Ushérus,
Buchanan, Stanihurst, is Boétius,
5. Do chlaoidh go saothrach a mbréaga
Mar is follus i nDíonbhrollach a
shaethair.
Do rin Cambernsus Eversus an
nídh céadna,
Seán ó Luingsigh ó Thuaim, an
Cléireach;
Do chuir Céitinn gan claen i n-a
shaethar
10. Mórdhacht is cródhacht a laechradh,
Na catha do fearadh ar gach éan-
chnoc,
A bhfoghluim, a gcomhroinn 's a
bhféile,
A nEaspuig is cealla na Cléire,
Iomad a naomh, is lóin a héigse,
15. Seanchus a huaisle suas tar 'éis sin.
Sir Séámus Ware, sás da dhéanamh,
Do scríbh i Laidin Stair na hÉireann,
Gach gabháltus is fearann a laochradh,
Gach mainistir, is talamh a dhéanta,
20. Gach ord dá raibh foirbhthe i léigheann,
Gach easpog is talamh a shéde


L. 714


Is gach giúistís fuair umhlaidheacht i
nÉirinn.



Do chuir Colganus, do bharr ar gach
éan-stair,
I Laidin a leabhar go gléasta;
25. Gan acharann gan leathtrom a
dtéarma,
Mar bheadh sruth mín nach caol 's nach
éadtrom
Ag sile go domhain gan torann a
dhéanta.
Do scríobh beathaidhe Phádraig is
Chuilm na féile
Is Brighde an righ-bhean naemhtha.
30. Is fada bhí taisteal an Chléirigh
Ar feadh gach paráiste i bhFionn-
chlár Éibhir.
Níor fhág cill ná tuath ná cuas gan
fhéachain,
Beatha a naoimh is díon a chléire,
Na gabháltais is seachráin a féinne,
35. Seanchus amhra agus réime;
Is do chuireadh ghluais ar chruadhas a
saethair
Go mbadh mór a shaothar ó aois a
chéibhe
Ag scríobhadh síos go hais a laethe.



Do chuir Peadar Bhailis an teangthach
tréitheach
40. A stair go maiseach i mBéarla:
Gabháltus Pharthaláin an chéad-fhir;
Clanna Neimheadh 's a gcineadh tar
'éis sin;
Fir Bholg na gcolg bhfaebhrach;
Tuatha Dé Danann, do b'acmhuinneach
laechra;
45. Is Clanna Míleadh tháinig i dtír ar
éigin.
Mac Cuill Mac Ceacht is Mac
Gréine,
I gcath Tailtean, le gaisceadh na
dtréan-fhear
Éibhear Fionn Ír is Éireamhon,
Lámh ar láimh an seisear féinnigh,
50. Is do dhíbir as an ríoghacht a
bhfréamha;
Na trí ríoghna do bhí ag na laechraidh
Banba mhórdha Fódla is Éire
Thug a n-anmanna ar thalamh na
Féinne.
Do scríobh go cumhra an t-ughdar
céadna
55. Beatha na ríghthe síos gan claenadh,
A heaspuig is ceannus a cléire
Ó Phádraig anall gus an aimsir
dhéidheannaigh;
Is do bheir Oileán na Noamh ar
Éirinn;
Is do lean a stíl mar Dhochtúir
Céitinn.



60. Is i gConnacht(a) bhí an chuideachta
dhéidheannach
Bhí cumusach i dtuigse na Gaedhilge,
Do chruinnigh gan tuirse gach saethar,
Is do scrúdadh na hughdair go
freámha:
Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh scathmhaire
an léighinn
65. Tadhg Ó Roduighe, scoluidhe tréith-
each,
Is Seán Ó Gadhra nár sháruigh éan-
stair
I Laidin i Scoitic ioná i mBéarla;
Raibín ceanntrom ná meamrum
aesta,
Na litir láimhe dar tairngeadh, i
n-éan-both,
70. Cros ná nod ná locht uirléighte,
Ceann fá eite do cheileadh an
cléireach,
Ná corughadh litre ar son a chéile,
Sithrann gan mhaill i gceann a chéile,
Dubhtháin Fiontáin is féineachus,
75. Do bhí a bhforus focal ag scoradh
gach téarma,
Má's Gréigis teann nó Eabhra a
fhréamha,


L. 715


Béarla teibidhe filidhe is féine
Is Béarla gnáthach atá ar fuid chlár
na hÉireann.



Is fíor gur teanga aosta an
Ghaedhilg
80. Ó aimsir an Tuir, mar scuir na
féinnigh,
Is do chuir a chumasc an chuideacht ó
chéile.
Do b'é Gaedheal mac Eathóir, fileóir
tréitheach,
Do chuir scoil scathmhairí ar mhachaire
Shéanair
Is do shaothruigh amach an Teanga
Ghaedhilge.



85. Do chuir an triúr as Connacht mar
an gcéadna
Fios na n-aistí fá ghaistí géara;
An dá Rannaigheacht, Deibidhe is
Séadna,
Casbhairn, Droighneach is Rytémus,
Óglachus leanas gach aiste gan
saethar,
90. Acht uaithne is amhus, chaithfeas a
dhéanamh.
Béimeanna an dána nach áil ar éan-
chor,
Adhmud is duain is stuaim na
saethar,
S an comhad cumra rún na hÉigse.
Duain leanbaidheacht, duain mholta,
duain réidhte.
95. Duain chumainn, duain tseachuis gan
chlaenadh,
Duain deirigh saothair i gcrích an
léighinn,
Fearacht urlár i mbí compráid idir
éigsibh,
Is marbhna tar aimsir an éaga,
Cro cumuisc i gcumus an tsaethair,
100. Iardhamhnacht bhíos i gcrích an Réama,
Aoir, chuireas daoine i n-éagcruth
Is thógas builg go borb ar éadan.
Ogham, ainm an óigfhir do shaothrúigh
Ogham cuill consaine is craebhe,
105. Ogham puinc is ogham éandha,
Ogham labhartha i gcantar uirléaghadh
Is ogham dúbalta ón ughdar chéadna.
Níor chóir dí-mheas ar shaoithibh na
hÉireann;
Do bhí siad mórdha cródha is tréitheach,
110. Is bronntach ag rannadh na féile.
Bhí slabhraidhe óir i gcóir na laechradh,
Ór ar cholg is ar bhord na scéithe.
Do bhí gach ríoghan líomhtha gléasta
Is fleasc óir fá bhórd a céibhe,
115. Péarlaidhe is oscur go brollach
gléigeal,
Síoda is sróll go leór ar gaethradh,
Is bródáil óir go bórd gach séama.



Ní caipín, ná aibíd na cléire,
Ná funnsa iarainn (aniar) in a
n-eadaigh,
120. Ná hata mar bheadh ar chailligh aesta,
Na gruag thacair i leabaidh na céibhe,
Ná ag fiadhach le Diarmaidh na
féinne
Mar a bheadh geilt, ón sceilp go
chéile;
Acht saitín bhíodh ar chailíníbh Gaedhlach,
125. Geanmnaidhe cráibhtheach lán den
fhéile.
Chuireadar nós na bhfear ar scaith a
n-éadaigh,
Acht bríste rugadh go mnaoi an
mhéire,
Is do chuir sí smacht gan a shamhail
do dhéanamh;
Is go mbadh ceart do mhnaoi bheith
fíor dá chéile,
130. Gan costuighe a n-ogthidhe fíon ná
taedhradh;
Is ó ghéire an smachta do scaip na
méirdrigh.



Do bhí fíon go líonmhar i nÉirinn,
Tortha go leór, feóil is éanlaith,
Plúr go húr ag na féinnigh;


L. 716


135. Bhíodh luingeas ar imeall gach céibhe
Imirt is ól ar bhórdaibh éadain,
Buadhbhall, orgáin is bunnán séise,
Aois dána agus clársach i n-éan-
ghuth;
Bhíodh fiadhach i ndiamhair na sléibhte
140. Is marcaigheacht ar eachraidh gléasta,
Diallaid órdha, is ór na sréantaibh,
Is lásaí óir fa bhórd an tséama.



Bheiridís ór is cíos as tíortha
tréana;
Do bhí airgead i nAirgead-ros dá
dhéanamh
145. Is i n-áitibh eile ar fuid na hÉireann
Gidh falamh tá an aicme go déidh-
eannach.



'Sé an Dia bhí an uair sin, an Dia
céadna:
Do bhí na hóigfir ag foghluim tréithe;
Bhí colláiste i gCaiseal, i dTeamhair
's ar Mháigh Shléachta,



150. Is i nÁrdmacha do bheannuigh na
cléirigh,
I n-a raibh Laidean Scoitic is Béarla
Teagasg ríogh agus dlighe na
hÉigse,
Canóin is seanmóir na cléire:
Scoláirí go leór thar bóchna baegh-
laigh
155. I muigheo fuair bórd is saeirse.



Ó tháinig Naomh Phádraig go
hÉirinn
Do thug leis tar bóchna go leór
cléire,
Is do bheannuigh an talamh go naemhtha.
'Sé Laoghaire ba rí ar Éirinn.
160. Is rí Mumhan, an cumusach Aenghus
Mac Natfraoich, de shíol Éibhir,
Do ghlac baisteadh is beannacht ón
Éarlamh.
Do bhí teagasc na Laidne ar fuid
Éireann,
I n-oilein mara 's i mbaile réidhte;
165. Oileán na Naomh a stíl go déidheanach
Tre mhórán díobh bheith líomhtha
naomhtha,
Is níl talamh go cathair Bhiénna
Nach bhfuair fearann le mainistre-
acha a dhéanamh
Is le teagasc na dteangtha go
saethrach.



170. Do bhí na draoithe is saoithe na
Gaedhilge
Dá cur i gcumus, 's do b'fhurus an
céim sin:
Do bhí sí líonmhar líomhtha is aesta;
Do bhí sí frasach i n-eachtra 's i
scéalta,
I bpuilpíd, i bhfilidheacht 's ag béirse.



175. Tá céad aiste fa seach ag an éigse
Le dán díreach is laoithe do dhéanamh,
Tomhus siollaí is cúl-uaim dhéidhean-
nach;
Ní feasach i Laidin ná i nGréigis
Leath riaghlach le riama na Gaedhilge,
180. Maighdean ag a bfnil a saidhbhreas
déanta;
Ní thug is níor ghlac malairt
téarma,
I litir dar casadh, sé an deachtughadh
céadna.



Dáimh ná gaol lé draoi den éigse
Ní raibh ag na hughdair dubhradh san
réim seo
185. Do scríobh gan chlaon ar Ghaedhlaibh,
Acht uaisle is stuaim na dtréan-
fhear.
Ní mhaireann acht aon de na saoithibh
céadna,
Seán Ó Gadhra, atá gan éitir
Mar Oisín liath i ndiaidh na féinne,
190. Ag cur díona ar shaothar na
bhféinneach


L. 717


Is ar a marbhna gan dearmad
déanta.



Ó tá na staracha i Laidin 's i
mBéarla,
Beidh na saoithe dá gcaomhnadh i
Gaedhilg;
Is bíodh an duais ag Luain na
n-éigeas,
195. Ta fios chia hiad i n-iathaibh Éireann.



Guidhim gach duine chluinfeas mo
théma
Cuireadh Pater Noster qui es in
coélis
Le m'anam do shéanadh na péine
Tá so críochnuighth' is finem feci



Gluais.
Roimhradh: - Do gríosughadh, was incited,urged.
An Cnoc Reamhar. Tá dhá Chnoc Reamhar i gCo.
Mhuigh Eó, agus ceann eile i gCo. Slighigh. Is
dóighthí gurab é an C.R. i gCo. Sligigh an áit i
n-ar chomhnuigh Seán Ó Gadhra. I gCúil Maoile
is eadh chomhnaidheadh Ruaidhrí Mac Diarmada.



Gaedhil bhunadhsacha, the original Gael.
Go huaillmhianach, arrogantly.
Suim a ndeir sé, the substance of what he says.
Ro-leigthe, too prone.
Forusta, well versed.
Imdhearg(uigh)im, I rebuke.
Lingue, Lat. lingua, i., teanga.
Pearsa Eaglaise, an ecclesiastic. Tá ár gcara
buille beag daor ar eaglaisigh a chomh-aimsire.
Do b'éigin do dhuine Éire d'fhágaint an uair úd
má theastuigh uaidh foghluim i síth, is Uird
Bheannuighthe do ghlacadh.
Eadainne, Eadáil, Italy.
Feallsa, philosophy.
Nathair nimhe, a serpent.
Tré bhuntáiste, through having the advantage of
speaking it. Ta mór-chuid dá leithéidí ann fós,
daoine go bhfuil sí aca go maith is gur beag é a
meas uirthi.
Pobul is masculine in Munster.
Neamh-sciamhach, bereft of beauty.
Liteardha, literary. The writer's own style is
"Liteardha," and shows traces of Keating.
Line I. - Mí, a portion. This dán probably opened
with references to Keating, his life and works.
and mayhap Mac Firbis and the Four Masters.
I hope we shall be able to procure the missing
portion. It is not at all unlikely that some
Connacht Seanchuidhe may have a version of
it. Perhaps our WESTERN READERS WOULD KINDLY
enquire.



3. - Cambrens, agus rl. The poet here refers to Keating's
refutation of Cambrensis, Camden, &c., in his Dionbhrollach to Forus Feaas ar Éirinn.



5. - Do chlaoidh, he refuted.



7. - Cambrensis Eversus. "2nd (author) Mr. Lynch
of Tuam. The hd. of his work." R. Mac D.
Do rugadh an tAthair Seán ó Luingsigh san
nGaillimh timcheall na bliadhna 1599. D'ordnadh
n-a shagart é timcheall na bliadhna 1622. N-a
dhiaidh-san bhíodh scoil fé n-a riar, is cáil mhór
léighinn air. Dheineadh Árd-dheacánach dhe i dTuaim
agus do chomhnuidheadh sé i sean-chaisleán Ruaidhrí Uí
Chonchubhair san gceanntar soin. Ar ngéilleadh
na nGaillimhe d'arm na Parlimint san mbliadh-
ain 1652, b'éigin do teicheadh. Chuaidh san
bhFrainnc, agus do chomhnuidheadh i dTuaisceart
Bhreatan na Frainnce, mar bhfaghadh deóruidhthe ó
Éirinn treóir is congnamh puiblidhe an tráth úd.
Fuair sé bás i San Malo (?) roimh an mbliadhain
1674. Seo cuid dá shaothair: - (1) Aistriughadh
ar "Forus Feasa ar Éirinn" i Laidin. (2)
Cambrensus Eversus, .i. Treascradh Chambrens,
one of the most valuable works on the History
of Ireland," arsa ughdar éigin. (3) Beatha a
Oncail Dochtúir Ó Ciardubháin Easpog. I Laidin
do scríobhadh sé i gcomhnuide.



8. - Cléireach, igh, m., a clergyman.



12. - A gcomhroinn, their divisions of land.



13. - Cealla, churches.



16. - Sir Séamus Ware, "Sir James Ware, of his
works a Summary." R. Mac D. Rugadh Sir
Séamus i mBaile Átha Cliath san mbliadhain 1594.
Chuireadh i gcomhnuidhe suim i seanchus is i rudaíbh
ársa na hÉireann. Bhí aithne mhaith aige ar
Dhubhaltach Mac Firbisigh, agus fuair uaidh mórán
eóluis i dtaobh staire na tíre seo, agus móran
láimhscríbhinne. Tá roinnt díobh-súd san
mBritish Museum fé láthair, agus an chuid eile san
mBodleian (Rawlinson) in Oxford. Scríobh sé
ana-chuid leabhar, i Laidin, ag baint le seanachus
is le sean-dálaibh na hÉireann. D'éag san
mbliadhain 1666.



20. - Foirbhthe, perfected.



21. - Séde, Lat. Sedes. Generally spelled séata
(s broad).



23. - Colganus. "This C-s (Colganus) was a
regular of the m-y (monastery) of D-l
(Donegall)." R. Mac D., Ughdar "Trias
Thaumaturga" (1647), agus "Acta Sanctoram"
(1645). Fear mór seanchuis do b'eadh é. D'éag
timcheall na bliadhna 1657.


L. 718


25. - A dtéarma, .i. ré na nGaedheal.



31. Fionn-chlár Éibhir, the Fair-plain of Eibhir, i.e,
Éire.



33. - Gan fhéachain, without searching.



34. Seachrán a féinne, wanderings of its heroes.



35. Seanchus amhra, noble history; account of its
literature.



36. Gluais ar chruadhas, gloss on its difficult portions.



37. Aois a chéibhe, (?) man's estate.



38. Aois a laethe, (?) aois a léithe.



39. Peadar Bhailis, "Peter Walishe." R. Mac D.
Bráthair d'Órd San Phróinsias b'eadh Peadar
Bhailis. Rugadh é timcheall na bliadhna 1618 ag
Mooretown, Co. Chill Dara. Fuair a thabhairt
suas san Lubháin. San mblidhain 1646 tháinig go
hÉirinn is chomhnuidheadh i dTigh na mBráthar i
gCill Choinne. Fear mór aighnis do b'eadh é.
Do mhair sé i ré Chonnradh Chill Choinne is ní beag
an pháirt a bhí aige ann. Bhí sé ar thaobh an Iarla
Urmhumhan is i gcoinnibh an Nuncio Rinnuccini.
D'éag i Lunndain 1687.



44. - Do b'acmhuinneach laechra, whose warriors were
mighty.



45. - Ar éigin, with difficulty.



51. Ríoghna, .i. bainríoghna.



59. A stíl, his style.



63. Do scrúdadh, who studied, examined.



64. Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, .i. Ughdar "Ogygia,"
"Iar-Connacht," agus rl. Bhíodh coidreamh ag Seán
Ó Gadhra leis. Nuair tháinig "Ogygia" amach
ar dtúis i gcló chuir Seán dán ag triall air ghá
mholadh.



65. - Tadhg ó Roduighe, file agus fear léighinn. Deir
Ó hÁrgadáin gur rugadh Tadhg san mbliadhain
1623 i gCo. Liathdroma le hais na háite n-a
dtosnuigheann an tSionainn. Bhí aithne aige féin
is Seán Ó Gadhra ar a chéile. Fuair bás, do réir
Uí Argadáin, timcheall na bliadhna 1706: Irish
Minstrelsy.



II. 429. - Scoluidhe, fear léighinn, scholiast.



67. - Scoitic, (?) Sanscrit.



68. - Raibín ceanntrom, (?) an ancient style of
writing.



70. Nod, a contraction in writing. Uirléigheadh, a
composition.



71. Ceann fá eite, a mark used in older MSS.



72. Tá an file ag cur síos ar a thréithibh féin annso,
ar a fheabhas chun nod a léigheamh, is ar a eólus ar
bhéarlaí na sean-Ghaedhilge. Fágam faoi féin
iad.



80. An tur, .i. Tur Nimrod.



81. A chumasc, "Confusio linguarum." R. Mac D.



82. - Fileóir, fear léighinn.



86. Gaiste, a trap, snare (?ba ghaistí géara).



87. - An dá Rannaigheacht. "Varia esse apud Hibernos
carminum genera ostendit poeta." R. Mac D. The
poet enumerates some of the ancient metres. See
the Introduction to Amhráin Chéitinn. Rytémus,
rhyme, (?) stressed metres.



94. Duain leanbaidheachta, poem on a person's birth.
He gives a summary of different kinds of com-
position usual amongst the poets, and of Ogham
or occult method of writing.



101. - I n-éagcruth, deformity, mortal terror.



102. Builg, blisters, blotches.



108. - Níor chóir, "Non omnino sunt contemnabiles mag-
nates Hibernenses." R. Mac D.



112. - Colg, .i. claidheamh. Bord, rim.



114. - Fleasc, wreath, band.



115. - Oscur, (?) necklace, ornament.



116. - Ar gaethradh, flowing with wind.



117. - Bródáil, embroidery.



118. - Caipín : "The poet's reflections on the English
modes in general." R. Mac D. Aibíd, dress,
habit.



119. Funnsa, a hoop.



121. - Gruag thacair, false hair.



123. - Ón sceilp go chéile, form cleft to cleft.



125. - Geanmnaidhe, chaste.



126. - Ar scaith a n-eadaigh, on the cut of their dress.



130. - Ní thuigim an líne seo.



135. - Ar imeall gach céibhe, on the brink of every
quay.



137. - Buadhbhall, -aill, m., a trumpet. Bunnán séisc,
(?) clarionet.



138. - Aois dána, poets, songsters.



139. - I ndiamhair, in the recesses.



141. - Sréantaibh, metric for sriantaibh.



143. - Bheiridís ór, "Vide Quintum Centimachum,
Davidem Fiacharium aliosque, quibus magna pars
Europœ Occidentalis suberat." R. Mac D. Tá súil
agam go n-aithneoghfar Conn Céad-chathach agus
Dáithí mac Fiachra fé n-a gcaipín Laidne.



144. - Airgead Ros, ar an bhFeóir i nUíbh Duach
Osraighe, i dTuaisceart Cho. Cill Choinne.



153. - Canóin, Canonical law.



155. - "A Mhoighéo" san lscr. "Tempore quo floruerunt
Hiberni antiqui, gymnasia plerisque locis in Hibernia
presertim Mo. gratis tum Hibernis tum aliis ex gentí-
bus peregrinis data." R. Mac D.



162. - An Éarlamh, the Noble one.



165. - A stíl, its name.



168. - Nach bhfuair, .i. nach bhfuair siad ann.



171. - Do b'fhurus an céim sin, that was an easy
matter.



174. - I bpuilpíd, in oratory. Béirse, (?) versifica-
tion.



176. - Dán díreach, the old metric system.



[Tuilleadh ar leathanach 720.


L. 720


177. - Cúl-uaim, (?) end-rhyme.



179. - Riama, .i. réma, rhyming.



180. - A saidhbhreas déanta, whose wealth is stored up,
ready.



181. - Malairt téarma, exchange of terms.



182. - An deachtughadh céadna, the same teaching, law.



183. - Dáimh ná gaol, that is, the authors who have
been mentioned in this discourse did not belong
to bardic families, nor had they the bardic gift
(dáimh).



186. - Acht uaisle, but the rank and purpose of brave
men.



188. - Gan éitir, without strength.



190. - Ag cur díona, covering, preserving.



192. - Staracha (Munst. startha), stories.



193. Da gcaomhnadh, guarding, protecting.



194. - Luain na n-éigeas, offspring of the bards.
Luan, son, a champion.



196. - Mo théma, my theme, subject.



198. - Le m'anam do shéanadh, that my soul may
escape.



Tá "Mr. Gara," .i. Máighistir Gara, thíos i ndeir-
eadh an dáin, agus ag bun an leathanaigh an nóta so:
"Ruadhrí Mac Diarmada do scríobh an tuireadh so,
indiu an 25 Lá dAugt. 1758."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services