Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rannta i gCóir an Aosa Óig.

Title
Rannta i gCóir an Aosa Óig.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RANNTA I gCÓIR AN AOSA ÓIG.
ó SNA DÉISEACHAIBH.



Na rannta so a bhí agat ins an uimhir
dheireannaigh dhen IRISLEABHAR a Fhir
eagair, chuireadar ag machtnamh me, agus
chuimhnigheas go raibh rud éicint ar siubhal
age sna leanbhaí an lá fa dheireadh, agus
me féin ag iarraidh an pháipéir a léigheamh.
Bhí an oiread san gleó aca gur bh'éigean
dam an páipéar a chaitheamh uaim 'sa deireadh
agus féachaint 'dé an gleithearán a bhí aca.
Bhí Diagláinín so sagainne caithte ar a dhá
ghlúin ar agaidh na teineadh amach; cipín
beag n-a láimh aige: ceann an chipín dearg
taréis dó é thógaint as na teinidh; Diagláinín
á chasadh is á chasadh ar a chroidhe-dhicheall,
ar nós go raibh roithléitheacha teineadh ós
comhair mo shúíl. An fhaid a bhí an obair
seo ar siubhal aige deireadh focla éicint
chomh mear is a chonnaic tú riamh gan a anál
do tharraingt. Seo iad iad:



Mhíle mhíle bhogadán, a bhogadán a bheidh-
leán;
Tá na ba ar iarraidh;
Cé raghadh á n-iarraidh?
Mise, tusa, mac an Iarla, is Diarmaidín
Ó Doinn,
Gach crann, gach cloch
Gach bata caol cam
Dá bhfuil ins an ngleann
Bíodh ar do cheann
Mura dtiocfaidh tú a bhaile is do chaipín
dearg ort.



Nuair a chuir sé an ríl sin de, thug an
cipín d'Éamoinín Mháire agus dhein seisean
an cleas céadna, gan leigint don “caipín
dearg” dul i n-éag. Thóg Mhicilín Sheáin
Shéamuis annsoin é, acht bhí sé á chasadh chomh
dícheallach-san gur bhuail sé an ceann
dearg i gcoinnibh an drosúra, & gur
múchadh é. Annsoin b'éigin dó a lámh a
shíneadh & fuair sé an ceann eile den
chipín treasna na deárnan. Do deargadh an
cipín arís agus thosnuigheadsar an ath-uair ar
an obair go dtí go ndeaghaidh sé i n-éag
arís ar Cháitín Pheadí Mhóir; cuireadh geall
éicint eile uirthi-se, agus mar sin a bhíodar
go raibh sé i nam aca a suipéar a dh'ithe.



Chuimhnigheas ó shoin ar bhéarsa bheag eile
a bhíodh aige sna leanbhaíbh timcheall na
háite seó:



Chuaidh firín beag siar annso,
Meanaith is scian aige
As é 'deisiughadh diallaite,
Ní fheadar a bh'fhuighinn-se greim air
Geobhair má shiubhlair
Siubhlfad má fhéadaim.
Hobait-se! Hobait-se!
Gearráinín spáigeach;


L. 24


Cuir-se an crúdh
Agus cuirfead-sa 'n táirnge,
Agus beimíd i gCorcaigh an taca so
i mbháireach.



Bhíodh cleas éicint ag gabháilt leis seo
fé mar atá leis an gceann eile, acht ní
cuimhin liom anois é.



Seo ceist a bhíodh againn leis:



Rith sé amach, an teó teó;
Rith sé isteach, an teó teó;
Tháinig rí na gceithre cos
Is sciob sé leis an teó teó.



Cat agus luch.



Ba dhóigh liom go mb'fhéidir go n-oirfeadh
na rannta beaga so dho sna Gaedhealaibh
óga so atá tar éis pósadh ar fuid na
hÉireann le gairid.



CLOCH LABHRAIS.



Gluais.



Ins an uimhir dheireannaigh, in the last number.



Chuimhnigheas, I remembered.



Age sna leanbhaibh, at or amongst the children. In
Munst. the form of the prep. ag in general use is age,
(g slender and emphasis on sec syl.) The student
should note that the form of the article used in the
dat. pl. after preps. ending in a vowel is not na but
sna; i sna cofhraíbh, sna daoinibh, le sna sceanaibh,
will serve as examples. It is not correct to tack the
s on to the tail of the prep. as it belonged originally
to the article.



Ag iarraidh an pháipéir a léigheamh, trying to read
the paper.



Gleó, noise.



'Dé an gleithearán a bhí aca, what was the bustling
they were having. 'Dé, for cade, godé. The form
greithileán is also used.



Diagláinín so againn, our little Diaglan. The
name Diaglan or Declan is pretty common in the
Decies. St. Diaglan is patron of Ardmore.



Caithte ar a dhá ghlúin, on his two knees in front of
the fire.



An fhaid do bhí an obair seo ar siubhal aige, while
he was engaged at this work.



Comh mear is, as quickly as.



Ar iarraidh, lost, astray, in need of being looked for.



Á n-iarraidh, looking for, providing.



Do chaipín dearg, your red cap. Do refers to the
cipín. Perhaps the sean-rádh “scéal an chaipín
deirg” has some reference to this old rann.



Ríl, a “round” of the rhyme.



Dul i n-éag, go (die) out.



I gcoinnibh an drosúra, against the “dresser.”



Múchadh é, it was extinguished.



An ceann eile, the other end.



Treasna na deárnan, across the palm.



Tosnuigheadar an athuair, they began a second time.



Geall éigin eile, some other “forfeit”.



Meanaith, pron. in the Decies meanach, an aw



'Deisiughadh diallaite, mending a saddle. The
latter word is generally pron. diallata, probably to
suit the endings of the previous lines.



A' bhfuighinn-se greim air, could I catch him, over-
take him.



Hobait-se, .i. “Hup with you.”



An taca so i mbáireach, this time to-morrow.



Go n-oirfeadh … dho, would fit.



Le gairid, lately for a short time past.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services