Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Do léigheas leitir bhreágh Eóin Uí Chathail go
dúthrachtach. Cuireann sé áthas croidhe orm nuair do
chím leitir ó'n dTír Thall i dteanga ar sean, agus ceapaim
ná cuirfinn puinn siume i leitir Eóin dá mbiadh sí


L. 258


scríobhtha ins an mBéarla Gallda. Muna bhfuil an
fhírinne linn i dtaobh na nAmeriocánach, is ortha féin is
cóir an milleán do bheith. Bhí báidh agamsa leo i
gcómhnuidhe agus is minic do chuireas focal isteach ar a
son i Sasana agus i n-aiteannaibh eile. Tá leath-bhrog
orm fós leo leis i n-aindeóin an ghnímh ghránna atá
curtha 'na leith i nInsibh Filipín.



Is maith do sgríobhann Eóin agus is soth liom nach féidir
dom réidtiughadh leis i n-aon chor i dtaobh na nInseacha.
Sgríobhas féin ó uair go huair alt beag ins an
gClaidheamh ar na nInseacha, acht níor nochtas leath
droch-ghníomhartha an nAmeriocánach ann. Má tá báidh
ag an gcuid is mó againn leis na hAmeriocánacha, nár
leigidh Dia go ngeobhamuis a leath-sgéal nuair atáid
siad cionntach.



Léighim gach seachtmhain dó nó trí de na páipéaraibh
Ameriocánach is mó teist i measg ár ndaoine féin
las-tall agus ní réidtigheann aon cheann amháin acu le
tuairisg Eóin. Deir sé go bhfuilmíd meallta ag na
"fir bhuidhe", acht atá páipéir thall go ngairmthear
ortha mar leasainm na "Páipéir bhuidhe," gur gnáthach
leo Mac Fhionnlaoigh do ghríosadh chum cogaidh agus b'fhéidir
gur mhealladar seo Eóin. Tá súil agam dá réir sin go
bhfreagróchaidh Éireannach éigin eile ins an tír thall
Eóin, agus go mbéidh na fhírinne againn i ndeireadh na
dála. Tá fear foraire i Manila agus atá sé riachtanach
ar gach eóluidhe páipéir a sgríbhinn do theasbánadh do'n
fhear so sul do seoltar an tuairisg ag triall ar
pháipéaraibh Ameriocá. Dá dheasgaibh sin ní fhuil le
fágháil againn thríd an gcasan sain acht an méid do
thaithnigheann leis an bhfear foraire.



Tá slighe eile ámh. Sgríobhann na saighdiúirí leitreacha
a-bhaile chun a muinntear agus foillsighthear cuid acu so
ó am go h-am. Do bhiadh teinneas croidhe ort le n-a
léigheadh. Is gnáthach príosúnaigh do ghabháil i mbruighin.
"Cad do dhéanfam leis na ceithre príosúnach seo," ars
an saighdiúir. "Tá an t-ordúghadh soiléir go leor," do
ráidh an ceannphort agus sgaoileadh piléir thríd an
gceathrar. Léighmíd go raibh príosúnach nó dhó ar a
nglúnaibh uair eile ag iarraidh coimirc d'éis géilleadh,
tháinig saighdiúir ar aghaidh gach duine acu amach i
nearracht troighe dhóibh, lingeann leath an phlaoisg sa
n-aer, spaigeann an inichinn - goilleann sé orm an
bheart bhrean go sgríobhadh, acht chuir Eóin chuige mé.



Támuid 'nár gcómhnuidhe i Mainistir mhór annso,
fiche míle ó Mhanila, adeir saighdiúir eile cuirfeadh
geall adeir sé ná feachaidh an mhainistir móra éideadh
na sagairt ar chuid acu agus céad coinneall ar lasadh ar
an altóir.



"Cá bhfuil na sagairt?" adeir an leightheóir leis
féin. Táid siad amuich ar na machairibh ag cur 'na
h-ola ar na Filipíneachaibh bochta atá ag fagháil bháis
d'éis na chatha. Féach ceann acu. Adeir saighdiúr go
mórbdhálach, chonncamar sagart ag druidim thríd i
nduilleabhar i measg na bhFilipíneach ngonta sgaoile-
amar air, bhí ocht liathróidí fichead na chorp agus a dhaosgar
sluagh pioc níos measa. Féach na bailtí fá theinidh
na Fhilipínigh da ndóghadh istigh ionnta mar ní leigfeadh
na hAmeriocánaigh amach iad. Dhá mhíle duine - mná agus
páisdí ag siubhal rómpa agus ag gol le h-ocras.



"Is mar mhaithe libh do thangamar 'nbhur measg,"
deir bráthair Seón. "Táid siad aineolach, muinfidh
na hAmeriocánaigh iad" adeir Eóin Ua Cathail. "Go
saoraidh Dia sinn ar fhóghluim má's í sin an saghas ruda
í. Cloisimíd gur cheannuigh na hAmeriocánaigh iad
nos scata caorach ar ceithre mhilliún punt. Cia dhíol
leo iad? Na Spainnigh? Bhí na Spáinnigh tiomáinte
acu isteach go Manila agus go bailtibh puirt eile nuair
do tháinig an tAmeriocánach 'na measg. Shaoileadar
gur cara dhóibh Mac Fhionnlaoigh, throideadar go cródha
le n-a chois agus cuireadh an ruagadh ar na Spáinneachaibh
acht do réir an Fhilipínigh "dearbhráthair do Thadhg
Dómhnall."



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services