Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Nach greannmhar an sgeul é ná deachaidh Cormac
Mac Airt go Lúnduinn ag foghluim dligheadh. B'fhéidir
ná raibh leigheas aige air, ó chloisim ná raibh tigh ná
treabh ann le linn an duine uasail sin, acht sgeacha
agus féitheanna báithte. Ní fhágann sain ná gur thuig-
seannach an fear-dlighe Cormac na cháilidheacht féin.



Is maith é ó mhuinntir Lúnduinn an dlighe dhéanamh
dúinn anois, ó thá reachta Chormaic imthighthe as ár
gcuimhne. Má seadh is go daor a chaithtear díol as.
Tá dhá cheist as Éirinn fá na gcúram thall an aimsir
seo. Teasduigheann ó mhuinntir Bhaile Ath' Cliath
teoranta na cathrach a leathanughadh amach, agus teas-
duigheann ó lucht dhá bhóthar iarainn i n-íochtar na
h-Éireann dul i bpáirt a chéile. Níor cheaduighthe na
gnótha sain a chur i gcrích gan billí sa Phárlaimid. Tá
bille na mbóthar iarainn dhá phléidh anois le mí ann,
agus is é costas atá dhá leanamhaint, idir chostasaidhe
dligheadh agus fosuigheachta agus eile, tuairim míle
púnt sa ló. Tá sé ráidhte go mbeidh geall le dhá chéad
míle púnt d'airgead na hÉireann caithte i Lúnduinn
leis an dá bhille seo sul a mbeidh siala na bainríoghna
leagtha ortha. Is mór an t-airgead é ar aon dá bhille
bheag amháin. Ní mór ná go gcuirfeadh an méid sin
árd-sgoil ar a bonnaibh.



Is minic sa tseanracht a socruigheadh i nÉirinn fá
mholadh bheirte ceist chómh docht chomh snaidhmthe le h-aon
cheist díobh-so araon.



Bhíodh pléidh agus achrann le fada idir bheirt fear i
gCondae Mhuineacháin, comhgarach do Ros-Liath mar
gheall ar leithead braithlín de bhlúire talmhan. D'éirigh
bruighean eatortha deich lá ó shoin agus mhairbh duine acu
an duine eile le píce. Pádraig Mac Mathghamhna
dob ainm do'n fhear a mharbhuigheadh.



Fuarthas beirt eile fear ar an mbóthar ar an dtaobh
eile de'n Chondae sin an tráthnóna ceudna, agus iad
sáithte le sgeanaibh. Bhí duine acu marbh agus an
fear eile i n-uathacht bháis. Tá brón ar an ndúthaigh
mór thimcheall mar gheall ar na feall-bheartaibh seo.
Daoine cneasda macánta dob eadh muinntir an
Chondae sin i gcomhnuidhe riamh.



Léigheadh bille an dara h-uair i dTigh na Feise an
cúigeamhadh lá de'n mhí seo chum Búird Talmhan agus
Feirmeoireachta do chur ar bun i nÉirinn. Ní bhfuarthas
aon chúntas cruinn cionnus thosnóchaidh an Bórd nuadh
ar obair. Beidh mórán airgid ag teacht isteach chucha
sa mbliadhain, acht bhí an t-airgead ceudna so dhá chur
i n-úsáid mhaith i nÉirinn go dtí seo. Ní thaithnigheann
leis na Feisiribh as Éirinn an Bórd a bheith dhá chur
suas i gCaisleán Bhaile Ath' Cliath le h-ár gcuid féin
airgid; acht do bagaradh ortha go leigfidhe an bille ar
lár dá gcuiridís na choinne. Is deacair a rádh fós a
gcuirfidh an bille cumaoin ar an ndúthaigh, acht tiuc-
faidh an dá nidh seo as gan aon dearmad, neartóchaidh
sé comhacht an Chaisleáin os cionn na ndaoine, agus
cuirfidh sé slighe mhaith bheatha i dtreo na muinntire
chuirfear ar an mBórd. Gheobhaidh an leas-uachdarán
dhá chéad déag sa mbliadhain as, agus a thuilleadh acu
níos mó ná sain.



Chuaidh triúr sglábhuighthe ag aeruigheacht i mbád beag
fá sheol ar Loch Éirne seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh
tharainn. Ní raibh aon tuigsint cheart i mbád fá sheol
acu, agus bhuail aon t-séideog amháin gaoithe beul an
bháid fúithi. Báthadh beirt acu, agus fuair an tríomhadh
fear greim ar an mbád gur saoradh é.



Thráchtamar tamall ó shoin ar an gcuma fuair na
sglábhuighthe leagadh na gcuid cíosa ó'n gComhairle
Cheanntair i mBaile Loch gCarmain. Cuireadh sgeula
ó Bhaile Ath' Cliath go dtí an Chomhairle an lá fá
dheireadh, ó Bhórd an Riaghaltais Áiteamhla, dhá rádh nár
thaithin an saghas sain oibre leis an mBórd, agus nár
bhfulair do'n Chomhairle an rún a ghabhadar ortha féin a
thabhairt fá ndeara an t-ath-uair.



D'fhreagair an Chomhairle go raibh an riaghail déanta
agus ná rabhadar ar aigne í bhriseadh ar mhaithe leis an
mBórd.



Is amhlaidh ná leigfidh daoine uaisle an Bhúird seo
dhúinn na prátaidhe nuadha bhaint ná gheibhid siad cead
a gceann.


L. 274


Ó's ag trácht thar na prátaidhibh é, níor airigheamar
gur bhuail an dubhachán fós i mbliadna iad i n-aon áird
d'Éirinn, cé go bhfuil spéir trom tais ós ar gcionn le
trí seachtmhaine.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services