Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Triúr Dearbhráthar sa Drochshaoghal.

Title
An Triúr Dearbhráthar sa Drochshaoghal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN TRIÚR DEARBHRÁTHAR SA DROCH-
SHAOGHAL.



Gruagach Dhúna an Óir do scríobh.



Ins an droch-shaoghal, do chómhnuigh triúr
dearbhráthar i nUíbh Laoghaire. Tadhg,
Seaghán, agus Donnchadh, do b'ainm dóibh.
Ní raibh aon tuilleamh aca ghá fhagháil, is
bhíodar ag tuitim ar a gcosaibh le gábhtar.
Lá áirithe dubhradar féin le chéile, go raibh
sé chomh maith aca beart éigin a dhéanamh,
agus gan bheith ar an gcuma so níos sia.



Do ghluaiseadar ortha lá, agus níor
stadadar chum go ndeaghadar go tigh
tábhairne i nDroichead na Banndan, agus
dubhradar le bean an tighe an dinnéar do
b'fheárr a bhí aici d'ullmhughadh dhóibh; agus
gan oiread is feóirlinn i n-a bpócaíbh.
Do ullmhuigh bean an tábhairne an dinnéar
dóibh, agus nuair a bhí sé ithte aca, do phreabh
Tadhg chum díol as, acht ní leigfeadh Seaghán
dó é. Dubhairt sé gur bh'é féin a dhíolfadh
as. D'éirigh Donnchadh i n-a sheasamh, agus
dubhairt sé ná beadh sé féin ag ithe ar phóca
éinne, agus gurab é a dhíolfadh as. Bhíodar
mar sin le chéile ar feadh tamaill mhóir,
agus ná leigfeadh éinne aca dhon duine
eile díol as. Fé dheireadh dubhairt Seághan
púicín a chur ar mhnaoi an tábhairne, is
leigint dóibh a dtriúr dul i bhfolach, agus
pé air go mbéarfadh an bhean leigint do-
san an táille a dhíol. Do chuir Tadhg an
púicín uirthi agus an fhaid a bhí sé ghá fháscadh
uirthi, d'éaluigh Seaghán is Donnchadh amach.
Chomh luath agus bhí sé snaidhmthe ag Tadhg
do scrios sé i n-a ndiaidh.



Ba gheárr go dtáinig fear an tábhairne
isteach, agus beireann a bhean suas air is
dubhairt sí leis an táille a dhíol.



“Is minic roimis seo a dhíolas-sa táille
mór, agus goidé seo anois ort,” ar san
fear léi.



D'innis sí dhó cad a bhí imthighthe uirthi.
Annsoin do ghabhadar araon múchadh na
gríosaighe ar a chéile, is do b'fhiú dul ó
íochtar an domhain go huachtar an domhain
ag féachaint ar an mbeirt ag cíoradh is
ag cuachadh a chéile. Níor stad na dearbh-
bráithreacha chum go ndeaghadar go tigh
tábhairne eile i gCluain Meala. Do
bheannuigheadar do mhnaoi an tábhairne.
Do bheannaigh ise dhóibh, is d'fhiafraigh dhíobh
goidé an saghas céirde a bhí aca. Do
labhair Seághan, agus dubhairt go raibh
ceárd mhaith aca, acht ná rabhadar ag fagháil
aon trácht uirthi toisc an saoghal a bheith
chomh holc. Dubhairt sé gur lionnadóirí
iad, go bhféadfaidís brannda a dhéanamh de
phórtar agus uisce beatha a dhéanamh de
lionn.



“Is maith mar a thárlaigh,” arsa bean an
tábhairne; “cad d'iarrfaidh sibh ar bharaile
brannda a dhéanamh de bharaile pórtair.”
Dubhairt Seaghán léi go gcaithfidís dá phúnt
an duine d'fhagháil. Thug sí dhóibh an t-air-
gead agus áthas a dóthain uirthi é fhagháil
déanta ar an méid sin. Annsoin dubhairt


L. 186


Seaghán le Tadhg is le Donnchadh preabadh
amach, agus na luibhnacha a bhí ag fás le
hais na habhann a thabhairt chuige, agus go
mbeadh sé féin is bean an tábhairne ag
obair chum go dtagaidís.



Nuair a bhí Tadhg agus Donnchadh imthighthe, do
fuair Seághan gimléad, agus chuaidh sé sa
tseomra n-a raibh an t-ól. Do pholl sé
ceann de na barailíbh, agus dubhairt le
mnaoi an tábhairne órdóg na láimhe deise
a chur sa pholl go fóill, agus gur geárr
go mbeadh an bheirt eile chúcha.



Do pholl sé baraile eile, is dubhairt léi
órdóg na láimhe clé a chur ann.



Fuair sé an trímhadh baraile. Pholl sé é,
agus dubhairt sé leis an mnaoi ar a bás
gan aon bhraon a leigint a dhortadh as, a
teanga a chur ann go fóill, agus go raghadh
sé féin agus go gcuirfeadh sé deithineas
ar na preabairíbh eile.



D'fhág sé annsoin í, is ba gheárr i n-a
dhiaidh sin go dtáinig a fear isteach fé
dhéin a dhinnéir. Chonnaic sé thíos ar a
corra-ghiob í, & dubhairt léi preabadh aníos
agus blúire bídh fhagháil dó, agus go raibh
gábhadh a dhóthain aige leis.



Níor fhéad sí labhairt mar bhí a teanga
sa pholl. Thosnuigh sí ar speachuigheal uaithi
siar le n-a cosaibh ag déanamh cómharthaí ná
féadfadh sí an ball fhágaint. Dubhairt sé
léi cúpla uair eile biadh fhagháil dó, acht
b'é an scéal céadna aici é. Le neart
feirge is ocruis, d'aimsigh sé i n-árd an
droma le n-a cheap-órd í. Annsoin do
thóg sí a hórdóga is a teanga as na bar-
ailíbh, agus ba gheárr go raibh an méid a bhí
ionnta chomh suaidhte is do b'fhéidir iad a
bheith.



Annsoin thiomáin na dearbhráithreacha leó
is níor stad cos den triúr chum go deagh-
adar go Caiseal. Bhí an sean-easpog tar
éis bháis d'fhagháil agus easpog nua tar éis
teacht ann. Ní raibh aithne aige seo ar
éinne ná aithne ag éinne ar fuid na mball
air.



Nuair a shroiseadar Caiseal 'sé an chéad
áit go ndeaghadar, go tigh an té a bhíodh ag
coimeád bagúin leis an sean-easpog.
D'fhiafraigh sé dhíobh cia'r bh'iad féin nó cad
as iad. Dubhradar leis gur buachaillí leis
an dtighearna easpuig iad, go raibh súil
aca go mbeadh aithne mhaith aca ar a chéile
sul a fada, is gur chuir sé iad a d'iarraidh
deich gcéad bagúin. “'Sé is feárr 'ná
chéile; do shaoileas nách uaim a thogfadh sé
i n-aon-chor é,” arsa fear an bhagúin. “Ní
fheadar cad a dhéanfaidh mé anois, mar is
iad na buachaillí a bhí ag an sean-easpog a
mharbhuigheadh na muca dham, agus ní'l éinne
agam indiu a mharbhóghaidh iad,” arsa fear
an bhagúin. “Is beag an gnó a bheadh
againn-na i n-ar mbuachaillí ag an easpog
muna mbeimís i n-ann muca a mharbhadh,”
arsa Donnchadh. Do phreab Tadhg agus
Seaghán amach. Do mharbhuigheadar cheithre
cinn de mhucaibh, is do rugadar go dtí an
margadh iad, agus fuaireadar fiche púnt
ortha.



Do chuaidh Donnchadh agus fear an bhagúin
suas fé dhéin tighe an easpuig. Nuair
a chuadar go dorus, dubhairt Donnchadh
leis fanamhaint mar a raibh aige, is go
gcuirfeadh sé féin an t-easpog amach chuige
le hairgead a muc. Isteach le Donnchadh.
Dubhairt sé leis an gcailín cistean gur
theastuigh uaidh an t-easpog d'fheicsint.
Dubhairt an cailín leis gur b'shin rud a
theipfeadh air. Dubhairt sé léi da madh go
ceann lae is bliadhna é, go bhfanfadh sé
ann chum go bhfeicfeadh sé é.



Do tháinig an t-easpog, & d'fhiafraigh sé
de Dhonnchadh cad a bhí uaidh. Dubhairt


L. 187


Donnchadh leis go raibh milltheóireacht ar a
athair agus go raibh sé taobh amuigh de dhorus
“ag feitheamh go ndeanfá-sa tairbhe éigin
dó.”



Dubhairt an t-easpog ná deineann sé
féin aon tairbhe dhen tsaghas soin; acht
mar sin féin, é ghlaodhach isteach. Dubhairt
Donnchadh leis an easpog gur bh'é an chéad
rud adéarfadh sé “fiacha a mhuc a thabhairt
dó,” & muna mbuailfidhe é an uair sin go
marbhóghadh sé a raibh sa tigh aca.



Bhí beirt bhioránach de chloinn dearbh-
ráthar ag an easpog, agus dubhairt sé leó
bheith ullamh dá mbeadh aon éirighe i n-áirde
fé agus dhá bhata draighin a bheith aca. Do
glaeidh an t-easpog isteach ar fhear an
bhagúin, agus dubhairt leis teacht ar a
ghlúinibh.



“Ní'l aon aicíd ná gearán sláinte orm-
sa; a d'iarraidh fiacha mo mhuc a thánag,”
arsa fear an bhagúin.



Do phreab an dá scriosaire chuige, agus
do smísteáladar ó mhullach talamh é. Is
beag ná gur marbhuigheadar amuigh 's amach
é. Dh'fhág Donnchadh i dteannta a chéile
iad, is do leig sé dhóibh cúrsaí na muc a
tharrang ó chéile.



Ní rug aon lá bocht ar an dtriúr as
soin go dtí lá a mbáis.



[A CHRÍOCH.]



Gluais.



An droch-shaoghal, “the bad times,” '47.



Uíbh Laoghaire, Par. of Inchigeelagh.



Tuilleamh, pay, income.



Ag tuitim ar a gcosaibh, getting faint.



Do phreab Tadhg, T. jumped up.



Ag ithe ar phóca éinne, eating what another should pay
for.



Púicín, a cloth over the eyes.



Dóibh a dtriúr, the three of them.



An táille, the tally, reckoning.



D'éaluigh, escaped.



Do scrios sé, he ran hurriedly.



Beireann, his wife seizes hold of him.



Imthighthe uirthi, had happened to her.



Múchadh na gríosaighe, “putting out the members,” i.e.,
beating each other.



Do b'fhiú dul, 'twere worth while going.



Ag cíoradh is ag cuachadh, tearing and exhausting each
other.



Do bheannuigh do, saluted.



Goidé an saghas céirde, what kind of trade.



Ná rabhadar ag fagháil aon trácht uirthi, that they
were not getting much to do at it. Trácht = cus-
tom.



Lionnadóirí, ale-makers.



Mar a thárlaigh, how it has happened.



Cad d'iarrfaidh sibh? How much do you ask?



Dhá phúnt an duine, two pounds a piece.



Preabadh amach, to go (jump) out.



Luibhnacha, herbs.



Go dtagaidís, till they returned; subjunctive.



Gimléad, gimlet.



Agus gur gearr, “and that the two others would be
soon with them.”



Ar a bás, for her life.



A leigint a dhortadh, to let spill.



Cuir deithineas ar, make hurry up



Thíos ar a corra-ghiob, down on her hunkers.



Blúire bídh, some food.



Speachuigheal, speachghail, kicking.



Comharthaí, tokens.



I n-árd an droma, on the top of the back.



Ceap-órd, a sledge.



Suaidhte, mixed, shaken.



Thiomáin leo, drove (went) away.



Ar fuid na mball, in the whole place.



Ag coimeád bagúin, keeping (providing) bacon.



Leis an dtighearna easpuig, belonging to the lord
bishop.



Deich gcéad, ten hundred weights.



Sé is feárr, 'tis the best could happen.



Mharbhuigheadh, used to kill.



Muna mbeimís i n-ann, it we would not be able.



Fanamhaint, to stay where he was.



An cailín cistean, kitchen-maid.



Gur b'in rud, that that is a thing which would fail
him — which he could not do.



Milltheoíreacht, mischief, destruction.



Ag feitheamh, waiting till you do some good for him.



Fiacha a mhuc, the price of his pigs.



Muna mbuailfidhe é, if he were not struck.



Bioránach, applied to a strapping young man.



Clann dearbhráthar, brother's children.



Dá bhata draighin, two blackthorn sticks.



Aicíd, a disease, disorder, particularly of a “taking”
kind.


L. 188


Gearan, complaint.



Scriosaire, a big rough person.



Do smísteáladar, they walloped.



Amuigh 's amach, “out and out.”



I dteannta a chéile, together.



Cursaí na muc, the “business” of the pigs.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services