Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féineachas Éireann. III.

Title
Féineachas Éireann. III.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÉINEACHAS ÉIREANN,

“Seilbh ar Thalmhain fá Sheann-
reacht na nGaedheal.



III.



[Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór-
tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó
Ceallaigh, (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile
Átha Cliath, do bhuaidh an duais.]



“SCEOLAING” do scríobh.



V.



(ar leanamhaint.)



Bronnadh Talmhan.



Ní raibh de chead ag neach aon talamh acht
talamh éigin dár cheannaigh sé
féin do bhronnadh gan an fhine
go léir do bheith toilteanach.
Mór-mhór chaithfeadh sé a scar féin de'n
talamh d'fhágaint fé riaradh na fine tar a
éis. Chuir so d'fhiachaibh ar gach éinne
spéis do chur i gcomhacht agus i mbuaine
na fine.



Reic na Talmhan.



Dá reiceadh duine beagán dá chuid
talmhan gan gábhadh leis chuir-
fidhe d'fhiachaibh air breis is an
oiread eile talmhan d'fhágaint
i leith na fine. Léirigh so do chách na raibh
aon bhuntáiste le baint as an spriúnlaith-
eacht.



Ag ceannach Talmhan.



Duine do cheannóchadh talamh is gan
talamh ar bith do reic bheadh de
chead aige cuid dá rachmus
fhéin do bhronnadh nó d'fhágaint
le hudhacht dá bhfágfadh sé fearann na fine
slán gan baint leis nó dá mbronnfadh sé
roinnt eile talamh ar na bhfine.



Comhacht an Cheárduidhe.



Ceaduigheadh do'n bhó-aire luach seacht
gcumhal dá chuid talmhan féin do
bhronnadh dá bhfágfadh sé i gcomh-
air na fine dhá dtrian a raibh
soláthartha de rachmus aige. Dá mba de
bharr céirde nó ealadhan do sholáthróchadh sé
an rachmus ní bheadh a bhac air a dhá dtrian
do bhronnadh ar an eaglais.



VI.



An tAthair is an Mac



Chuireadh daoine eile talamh i leith
na heaglaise leis. Dá mbeadh
fear ag dul i n-aois ní bheadh a
bhac air a chuid talmhan do
bronnadh ar a mhac dá gcothóchadh a mhac é


L. 258


an fhaid is mhairfeadh an seanduine. Dá
mba rud é go ndéanfadh an mac faillighe
ar a gheallamhaint bhí de chead ag an athair
an talamh do bhaint de arís agus é thabhairt
do dhuine éigin a chothóchadh é. Ba mhinic a
thugadh seandaoine a gcuid talmhan do
mhainistir mar seo acht ostuidheacht d'fhagháil
fé n-a díon an fhaid is mhairfidís. D'fhéad-
fadh an fhine an talamh soin do ghabháil tar
éis bháis an tseanduine ámhthach; acht dá
ndéanfaidhe amhlaidh beadh de riachtanas ar
an bhfine aon duine dealbh dá ráingeochadh
san tuaith do chothughadh dá dheascaibh. Dá
mba rud é ná beadh an oiread le baint as
an talamh soin ag an mhainistir is do
chothóchadh an seanduine ní bheadh aon tsásamh
le fagháil ag muinntir na mainistreach dá
mba mhian leis an bhfine e.



Creideamhaint.



Mar a chéile dá mbeadh an seanduine no
a mhac tar éis nidhthe d'fhagháil ar
cháirde an fhaid is bhí an talamh
aca ní bheadh aon tsásamh le
fagháil ó'n bhfine ag an té thug na nidhthe úd
ar cháirde uaidh. Chífear as so dá mbeadh
cléireach no ceannuidhe nó duine dá leithéid
ró-fhlaitheamhail le duine caithteach neamh-
bhaileach gurabh iad féin a bheadh shíos leis.
B'é príomh-chúram an Fhéineachais talamh na
fine do bhuan-cosaint i n-iomlán, agus
nuair a tuigeadh so i gcoitchinne ní raibh
dul ag éinne, acht ag duine éigin gan mhaith
gan náire, gan a scar a dhéanamh do réir
dualgais ar son na fine agus ar son na
tuatha.



An Eaglais.



Bhí a scar féin de thoradh na tuatha ag
dul do'n Eaglais, ní gábhadh a
rádh. Bhí deachmhadha agus primite
agus primhghenite agus nidhthe nach iad ag
dul di.



Buadha na hEaglaise.



I n-a theannta so bhí buadh ag an
Eaglais ná raibh ag an bhfine.
Deir an Cháin Aigillne gurab é
ba chóir a bheith i gceannas na
fine ná an duine b'eolaighe is b'uaisle,
ba shaidhbhre is ba léigheanta, ba charadamhla
is ba chomhachtaighe ar an bhfine go léir; an
duine ba bhuain-tseasmhaighe chum a scar
féin de'n tsochar a bhaint amach agus chum
dochar an duine thall do dhíoghal. Níor
bh'amhlaidh do'n Eaglais!



Ceannus na hEaglaise.



Deir an Corus Bescna dá mbeadh
abdainne i n-áirde gur chóir
tosach do thabhairt do chine an
naoimh dá mbeadh manach oireamh-
nach i n-a measc, ba chuma dá mbeadh gan
bheith ann acht fear seanma salm. Agus
dá dtárlóchadh gan manach oireamhnach ar
ghaoltaibh an naoimh b'é an dlighe an abdaine
do thabhairt do dhalta éigin de dhaltaibh na
fine do chéad-bhronn an fearann. Beag
iongnadh éad ag easbog Árda Mhacha le
easbogaibh Gallda Bhaile Átha Cliath is Port-
láirge an tan do mheasadar súd eaglais
dhúthchais na hÉireann do chur fé riaradh
fairche Caintearbuiridh san aonmhadh aois
déag.



An Céile is an Manach.



Dá ndéanfadh céile nó aire nó duine
eile dá leithéidíbh éinnidh as an
tslighe chaithfidhe é féin is a chuid
talmhan is a chuid bó do chur i
ngeall dá dheascaibh. Dá mba rud é go
sceinnfeadh sé féin leis is ná féadfaidhe


L. 259


breith air, nó dá dtuitfeadh amach ná beadh
éiric le baint i n-iomlán as a raibh aige
'san tsaoghal b'é an dlighe an t-easnamh do
bhaint dá mhac, is mar soin de siar síos.



Acht dá ndéanfadh manach éinnidh as an
tslighe, dá sciobadh an ghaoth spré teine
uaidh is go ndéanfadh an spré sin díoghbháil
ní hé an manach a dhíoghalfadh as acht fine an
mhanaigh dá mbeadh fine aige. Níor ró-
iongnadh so b'fhéidir ó thárla gur bh'aoirde
an tEasbog ná an Rí do réir an Fhéineach-
ais. D'éirigheadh an rí i n-a sheasamh i
láthair an Éasboig agus cromadh an t-eas-
bog a ghlún ag beannughadh do'n rígh dhó.



Comórtas.



Ní móide go bhfuil éinnidh eile is fearr a
léireochaidh dúinn an tuarastal a
bhí ag dul do fhlaith is do rígh
agus d'easbog ná an fhaid do
bhíodh i bhfaithche ceachtair aca.



Faithche an Bhó-aire.



Sheasuigheadh an bó-aire i n-a dhoras féin agus
chaitheadh sé cnairseach uaidh amach
ar a dhicheall. Bhí a fhaid sin de
fhaithche ag dul do.



Faithche an Aire Coisring.



Chaitheadh an t-aire
chosring fé dhó é ó n-a dhoras
féin agus bhí faid an dá urchar
de fhaithche ag dul dó.



Faithche an Aire Desa.



Chaitheadh an t-aire desa fé cheathair é ó
n-a dhoras féin agus bhí a fhaid
sin de fhaithche ag dul dó, agus mar soin
de ag dúbailt ó ghrád go grád suas amach.



Faithche an Ríogh, is
An Áirdríogh
Is Chomharba
Pádraig.



Bhí de chead ag an rígh an chnairseach do
chaitheamh ó dhoras a dhúin go
cheann cheithre n-iarracht is trí
fichead agus bhí a fhaid sin de
fhaithche ag dul dó. Agus bhí
chomh-fhaid faithche ag dul do'n
Rígh is do'n Áirdrígh is do
Chomharba Pádraig.



Gaisceadh.



Chonnachtas cheana gur bh'é chómhairle an
Fhéineachais deigh-fhear na ndeigh-
fhear do thoghadh i gcómhair ceann-
ais na Fine. Chítear anois nár
bh'fhuláir do'n aire, do'n fhlaith, is do'n rígh
féin bheith i n-a bhfearaibh gaiscidh. Agus
tuigtear leis gurabh iad “clann na sean-
mhuinntire” ba mhó is ba mhire théidheadh chum
cinn fé'n gcoróin agus fé'n eaglais. An
Fhine do chur i bhfeabhas is do choimeád fé
réin b'shin é bun agus barr an Fhéineachais;
agus tuigeann gach Gaedheal fé'n am so
gur bh'fhearr san ná Gaill agus coigcríocha
do scaoileadh isteach agus an iomad comh-
achta do thabhairt dóibh.



VII.



Daor-stoc.



I dteannta na ndaoine go bhfuil áireamh
déanta cheana ortha bhí sé gráda
eile daoine i ngach tuaith. Cé
go rabhadar so i n-a gcomhnuidhe
'san tuaith is ar éigean is féidir a rádh go
raibh aon bhaint acu leis an bhfine. Bhíodar
fé smacht ag an bhflaith agus fé n-a threor-
adh siúd ar leithligh. Ní leomhfaidhe d'éinne
eile iad do bheith fé riaradh aige. Is iad
na hainmneacha do bhí ortha ná an saor-
bhothach, an daor-bhothach, an daor-aicillne,
an sean-chleithe, an saor-fhuidhir, agus an
daor-fhuidhir.



Saor-bhothach.



Fear a b'eadh an bothach go raibh a bhoth
féin aige ar fhearann an fhlatha.
Bhíodh dé i n-aimsir ag an bhflaith,
agus b'shin é mar bhaineadh sé


L. 260


amach a shlighe bheathadh. Dá dteipeadh ar
chéile a chíos do dhíoghal bhainfidhe dhe a chuid
talmhan agus thabharfaidhe both dhó. Samh-
luigheann sé gurab é bhí i gcuid de sna
saor-bhothachaibh ná sean-céilidhe do cuir-
eadh amach as a gcuid talmhan féin mar
seo.



Daor-bhothach.



Fear oibre do b'eadh an daor-bhothach.
Bhiodh dé i n-aimsir ag an bhflaith
go coitchianta. Ba ghnáthach na
daoine seo go léir, idir bhothaigh
is fuidhre, do bheith i n-a gcómhnuidhe
i mbailtibh beaga timcheall leasann na
bhflath. Bhíodh liosa is dúin i n-eagar a
chéile i gcuma is go bhféadfaidís cabhrughadh
le chéile ó cheann ceann na tuatha i n-aimsir
bhuaidheartha.



Dáor-Aicillne.



Giolla capaill nó duine deas-lámhach
éigin mar soin do b'eadh an
daor-aicillne. Aicme dealbh go
leor do b'eadh an dream so, gan
mórán 'san tsaoghal aca, acht iad ag brath
ar an bhflaith i gcómhair gach uile nidhe nach
mór.



Sean-chleithe.



Is é bhí i sna sean-chleithíbh ná lucht
freastail tighe agus lucht lean-
amhna an fhlatha. Bhídís so i n-a
gcómhnuidhe timcheall leasa an
fhlatha agus bíodh rud éigin le déanamh aca
coitchianta. Fine flatha bhí mar theideal
ortha, cé nár bh'annamh iad ag síolradh
ó choigcríochaibh agus ó gheibhleachaibh cogaidh
agus ó n-a leithéidíbh. Fíor-fhlatha do
b'eadh sean-fhlatha na hÉireann, agus bhíodh
díon is fáilte is cothughadh aca i gcómhair
gach tastealuidhe dá gcastaidhe ortha, ba
chuma i gcruadh-chás é nó go neimhspleádhach
uasal.



Saor-fhuidhir.



Daoine do b'eadh na saor-fhuidhre a thagadh
isteach go tuaith agus gan cion
gan claen-bheart le casadh leo.
Bhíodh i n-a gcumas so margadh
do dhéanamh leis an bhflaith, agus dá mba
rud é ná taithnfeadh a choingealla súd leo
ní bheadh a bhac ortha diúltadh. Thógaidís a
gcuid talmhan ó'n bhflaith do réir na bliadh-
na, agus ní fhéadfaidhe cur isteach ortha go
ceann na bliadhna san. Dá gcuirfidís an
talamh i bhfeabhas is go gcuirfidhe amac as
iad i gcionn treimhse chaithfidhe díoghaluidh-
eacht do thabhairt dóibh as toradh a saothair.
Mar a chéile pé toradh leasuighthe bheadh gan
baint as an talamh aca chaithfidhe díoghaltas
do thabhairt dóibh as. Tá gnás de'n tsaghas
so ag tuatachaibh i mballaibh fós. Daoine
bochta go mbíonn talamh scóir aca tá de
chead aca bheith ag baint barraidhe as an
talamh soin go ceann dhá bhliadhain nó go
ceann trí mbliadhan má's mian leo lán-
toradh a gcuid aoiligh is a gcuid leasuighthe
do bheith aca as.



Daor-fhuidhir.



An daor-fhuidhir an duine do b'ísle cáil
is ba lugha comhacht i sean-Éirinn.
Is é bhí ionnta so ná daoine
go raibh bás nó díbirt tuillte
aca, geibhligh chatha, daoine gur gearradh
cáin ortha is gur theip ortha an cháin d'íoc,
cladhairidhe is gaduidhthe is ropairidhe ar
seachrán ó dhúithchíbh eile. Nidh nár bh'iongnadh
bí a n-urmhór so fé dhian-smacht amhail is
mar bheadh a leithéididhe indiu. Ní leomh-
faidhe d'éinne acht do fhlaith ar leithligh díon
do thabhairt dóibh. Dá ndéanfaidhe fuidhir
do ghortughadh chaithfidhe eineachlann no
éiric do thabhairt do'n fhlaith. Dá ndéan-
fadh an fuidhir féin éinnidh as an tslighe bheadh
d'fhiachaibh ar an bhflaith eineachlann do
thabhairt uaidh do réir na díoghbhála.



VIII.



Comaoine na bhFuidhir.



Cé go raibh na daor-fhuidhre fé dhian-
smacht ag na flathaibh ná saoil-
eadh éinne go mbíodh droch-shaoghal
aca i gcómhnuidhe. Ní bhíodh.


L. 261


Abair is ná raibh de chead ag neach connradh
do dhéanamh le fuidhir dar ndóigh ní raibh de
chead ag neach connradh do dhéanamh le
geimhleach na le daoi, le mac le mnaoi ná
le manach acht chomh beag. Mór-mhór, chead-
uigh an Féineachas do sna fuidhribh iad féin
do shaoradh is do chur i bhfeabhas chomh maith
le cách. B'fhéidir le daor-fhuidhir é féin
do chur chum cinn no go mbeadh sé i n-a shaor-
fhuidhir cé ná féadfadh sé san do dhéanamh
gan beagán moille. Ní raibh de theideal
aige maoin ná stor ná dualgas d'fhagháil
fé udhacht ó n-a athair ná ó n-a dhínsear dá
mba rud é ná raibh a athair agus a shean-
athair i n-a gcómhnuidhe 'san dtuaidh chéadna.
Acht dá mbeadh daor-fhuidhir fé cheannas an
dara fhlatha 'san tuaith chéadna bhí sé
dleaghthach aige dul isteach ar bheith i n-a
shaor-fhuidhir. Dá mbeadh sé seo dílis do'n
tríomhadh flaith 'san tuaith chéadna, no dá
mbeadh a athair agus a shean-athair roimis
dílis do fhlathaibh na tuatha, bheadh sé dleagh-
thach aige dul isteach ar bheith i n-a dhaor-
bhothach, agus mar soin de. Ní bheadh an
saor-fhuidhir lán-tsaor, no ní bheadh comhacht
saer-chéile aige chum go mbeadh sé féin
agus a sínsear 'san dtuaith go ceann naoi
nglún. Dá mba rud é go mbeadh cúigear
fuidhir 'san dtuaith, ámhthach, agus céad bó
do bheith ag gach fuidhir acha bheadh sé dleagh-
thach aca súd dul i n-urradhas ar a chéile
agus a gCómhairle féin do thoghadh.



Chúig Raith Céadach.



Chúig Raith Céadach is eadh thugtaidhe
ar an gCómhairle seo amhail is
mar thugtaidhe Cúigear na Fine
no Cúig Méaracha na Fine ar lucht treortha
na fine.



An Fine Tachuir



Chitear as so gur moladh do gach aicme,
ba chuma saor daor iad, cabhrughadh le
chéile. Bhí an oiread comhachta ag na
fuidhribh duthrachtacha so is dá mba céilidhe
iad, nó beagnach de. Agus do réir mar
bhíodh saoirse tuillte ag na fuidhribh is ag
a saghas thagadh an Fhine i gceann a chéile is
saoraidís iad. Ghlactaidhe treabh Ghallda
i n-iomlán isteach 'san bhFine
uaireanta. Fine tachuir thug-
taidhe ortha so, agus mac faosma
thugtaidhe ar an té thógtaidhe isteach i n-a
aonar. Má coimeádadh fuidhre áirithe fé
dhian-smacht go ceann a bhfad iad féin bha
mho bhí ciontach is níor bh'é an Féineachas.
Bhí an oiread comhachta ag aire na bhfuidhir
is dá mba bó-aire é go deimhin. Acht níor
mhian le céilíbh na dúthaighe Gaill do bheith i
gceannas ortha, rud nár bh'iongnadh, agus,
do réir mar chítear, níor cuireadh Gaill i
gceannas de gnáth go rabhadar Gaedheal-
uighthe go maith.



Ceárduighthe is a raibh rómpa.



Mar adubhradh moladh do gach grád is
aicme bheith dúthrachtach, agus
riaradh toradh an tsaothair ar
chách do réir mar bhí tuillte.
Féach na ceárduighthe! Céilidhe
do b'eadh a n-urmhór so. Níor chuir an
Féineachas an oiread spéise i gceárduigh-
eacht is mar cuireadh i saothrughadh na tal-
mhan. Acht bhí meas mór ar cheárduighthibh
agus ar lucht ealadhan; bhí cuid mhaith aca i
n-a n-airíbh, agus bhíodh cuid aca i bhfochair
na bhflath. Ní raibh a bhach ar na chéilíbh uile
bheith i n-a n-airíbh i dtráth dá mbeidís dílis
dúthrachtach oireamhnach agus an rath ortha.



Bó-airigh is a raibh rómpa.



Mar a chéile dá bhféadfadh bó-aire a
dheimhniughadh go raibh a dhá oiread
saibhris aige is mar theastóchadh
ó'n aire desa bhí dul aige féin
ar bheith i n-a aire desa, 'sé sin
dá mbudh rud é go raibh a athair agus a
shean-athair roimis i n-a n-airíbh agus talamh
aca i n-a seilbh. Agus bíodh a fhios againn
gur bha flatha na hairigh desa agus go mbíodh
talamh i n-aiscidh ag na flathaibh agus gur


L. 262


bh'iad a thoghadh an rí. Is léir ó'n méidh seo
ná raibh a bhac ar shíol an duine do b'ísle i
sean-Éirinn bheith ag dul chum chinn ó chéim
céim no go mbeidís ar fearaibh ceannais
na tuatha dá mbeidís díreach dílis rathmhar
glic a ndóthain.



Na Dlighthe Pianamhla.



An reacht do cuireadh ar bun i gCill
Chainnigh i mbliadhain a trí céad
déag is a seacht ar trí fichid
dhearbhuigh sé ná raibh i bhFéineachas
Éireann acht dlighthe damanta ró-mhalluighthe.
Airightear go minic leis go raibh an daoir-
sine go coitchianta i nÉirinn. Ní raibh san
amhlaidh! Ná deintear fóiréigean air éinne
agus é i gcrudh-chás, ars' an Seanchus. Fiú
an daor-fhuidhir féin, dá ngoidfidhe a
fhostala uaidh chaithfidhe díoghaltas do thabhairt
dó asta.



Eineachlann



Dá dtabharfaidhe masladh ar
a mhnaoi no ar a inghin óighe bhí eineachlann
le fagháil aca cé ná raibh ag dul
dóibh do réir na dlighe acht a leath
is mar thugtaidhe do'n saor-stoc,
Níor ró-iongnadh gan acht an méid sin
eineachlainne ag dul do bhanaltracht an
daor-fhuidhir, b'fhéidir ó ba rud é go
dtugtaidhe a dhá oiread go leith eineach-
lainne do'n fhear fothla is mar thugtaidhe
do'n óg-aire cé gur bheag a bhí eadartha
araon. Trí ba an eineachlann a bhí ag dul
do'n óg-aire ché go dtugtaidhe seacht mba
go leith do'n fhear fothla. Tuigtear dúinn,
ámh, go raibh na daor-fhuidhre fé chomairce
na bhflath. Is leor so de dheimhniughadh ná
raibh aon chruadh-shaoghal ag na daor-fhuidhribh
féin. Rud eile dhe, mar aduabhradh cheana
dá mbeadh beagán rachmuis ag fuidhir, dá
mbeadh chúig treabha fé n-a riaradh, 'sé sin
dá mbeadh tigh cómhnuidhthe aige agus tigh bó,
fuil muc agus lias caereach agus lias laegh
bheadh dire ag dul dó, dá ndéanfaidhe
éagcóir air, chomh maith is dá mba céile é.



(Ní chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services