Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turas beag ó Dhoire

Title
Turas beag ó Dhoire
Author(s)
Séamus Dubh,
Pen Name
Séamus Dubh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Turas beag ó Dhoire



Tamall ó shoin chuadhas ó Dhoire go Dungamhna ar an
dtraen agus as sin ar ais go Doire ar mo "chapall-dá-
roth." Ní raibh fhios agam cad é an t-ainm ceart atá
ar Dungiven acht dubhairt sagart na paróisde liom
gur ó ghamhain tháinig an t-ainm agus má's fíor é seo, ba
dhóigh liom gur Dúngamhna is ceart a thabhairt ar an áit.*



Chonnaic mé dtaobh thiar do'n roilig leac mhór na
seasamh ar mhullach árdáin bhig acht ní rabhas abálta ar
aon trácht 'ná tuairisg fhághail timcheall air cad é bhain
do'n chloich seo. Sé an t-ainm tugthar uirri "standing
stone."



Fiche slát ó'n áit chéadna tá fóthrach sean-teampaill
agus tuama Chumhaidh-na-nGall. Teacht a bhaile go Doire
do casadh liom teach beag sgoile ar thaobh an bhealaigh.
Chuadhas isteach agus d'iarras cead ó'n mhaighisdir ceisd
nó dho do chur cum na sgoláirí. Ní raibh aon Ghaedhilge
acu, acht mar sin féin ní rabhadar gan eólas ar an chaoi
agus an réasún gur tugadh na hainmneacha ar bhailtibh 'sa
chomharsanacht. Muldowney seadh ainm na sgoile seo.
Dubhairt an gasúr liom gur "Sunday-peak" é i
mBéarla. Má's ceart é seo is Mullach-Domhnaigh nó
Maol-Domhnaigh an t-ainm ceart.



Ar shon ná fuil aon Ghaedhilg 'a labhairt ar aon taobh
de'n bhóthar idir Dhoire agus Dungamhna ní bhéadh sé ró-
dheacair a chur ar bun airís. Ní hé amháin go bhfuil
sean-ainm Gaedhealach ar gach áit acht fós ar gach uile
pháirc nach mór. 'Na theannta so tá mórán cáilíní
aimsire i measg na bhfeilm a tháinig ó Ghaoth-dobhair i
nDún-na-nGall. Aca so tá an Ghaedhilge go binn
blasda agus nuair a chasann siad ar a chéile gach lá
Domhnaigh ní bhidheann eatorra acht an sean-theanga.



Séamus Dubh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services