Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Log na 'gCeathramhan.

Title
Log na 'gCeathramhan.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 133


LOG NA gCEATHRAMHAN.



[Tá ceapaithe againn beagán slighe d'fhágáil gach mí ag na filidhibh i slighe
ná tiocfaidh meirg ar a bpeannaibh, acht go bhfuighid Gaedhil sult agus caitheamh
aimsire as a gceapadóireacht. Do cheathramhnaibh amháin an cúinne seo, .i.
ceathramha amháin ó dhuine ar cheist. Is iomdha rud gur féidir ceathramha a
cheapadh air. Má's maith le duine é, féadfaidh freagra a thabhairt ar cheath-
ramhain dá bhfuil i gcló cheana. Athchuinghimíd ar an ndáimheigse teacht dár
gcabhair, agus mara mbeidh spórt againn, ní lá go headarshruth é.]



DILSEACHT GRÁDHA.



Le seachtmhain is lá tá an grádh so ceangailte im aedhibh;
Is mairfidh an grádh so im lár feadh seachtmhaine is lae;
Is má mhaireann mo ghrád gan trághadh chomh fada san féin,
Mo shamhail chun ghrádha le fagháil ní feasach san tsaoghal.



LIÚDUIDHE OG.



FREAGRA.



Le seachtmhain is lá mo chrádh do shamhail gan chéill;
Is seachtmhain ná lá nár fhága an ainnir thu i bpéin;
Dá dtagadh aon trághadh - cé nár an bheart dot leithéid -
Le healadhain an ghrádha go bráth do chaithfinn mo bhirréad.



SEAN-LIÚDUIDHE.



DOCHUM INDARDDRÚID.



Tá Éire gan scéala ar imtheachtaibh na Síneach;
Táid Gaedhil i dtáimhnéalaibh gan labhartha grinn suilt;
Tá an Ghaedhilg fá mhéala de dheascaibh "dáiríribh,"
O tréigeadh an t-aeghar is an t-aiteas ag Draoithibh.



TORNA.



AN IOLSCOIL.



"Bochtáinín scoile, ariú, tugaímís dóibh," ar Seán,
"Agus cuiream n-a bun-se na bodaigh i bhFódhla atá;
Druidim 'na ngoire ní leogfaidís d'óinsigh ghrádhann
An chine seo Chobhthaidh nó friotala foirne Fáil."



CUACH NA hEIBHLEAN.



Sasanaigh do bhronn orainn an ollscoil éachtach
Laidneamhail go bonn agus gan fonn bheith Gaodhlach,
Go mb'fhearra léi an Eabhrais is an fhoghluim Ghréagach
'Ná teanga dhil na Teamhrach budh rogha fear Éireann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services