Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Bhás Whitley Stokes.

Title
Ar Bhás Whitley Stokes.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR BHÁS WHITLEY STOKES.



Bean fá iomad osnadh Éire,
Í gach lae le deora dearc;
Scoth a cluinne d'imghidh uaithe;
Buinne finnlir suaife a searc.



Gluaistear tar an mbóchna mbraonach,
Beirthear uaithe cion chun cáis
Craobh an eoltsuip innte fhanann,
Impe gabhann breodhluit báis.



Bochtide í gach tréinfhear troda,
Tinnide í gach créim dar chleacht;
Machtadh limm nár chnag a croidhe
Imm a fad fá bhuile bheacht.



Dá mhéid laech is urradh eolach
D'fhágaibh ise ag sileadh súl,
Níor fríth té ar an dream ba dile
Lé 'ná an seang so, a fine flúr.



Whitley Stokes, ollamh le héigse,
Éigne cinn a feorainn Fáil;
Primus é do léghadh leabhar,
É dá bhféghadh chreanadh cáil.



Iomdha eachtra seanchuis sinsear
Sínte i gceart de luas a lámh;
Iomdha duan fá eagar ordharc;
Buan a meadar, fordharc fán.



Creach na gcliar, creach iuilfhear Éilge
Aoinchreach seanchadh Fódla fis,
Dul an treoin fá líoga loma,
Síoda a mheoin n-a rolla ris.



An glac rann so chridhe chréachtaigh
Curtar uaim ar leacht an laoigh,
D'éis a bhruide, saoghal sothain,
D'aomhadh chuige it fhochair, 'Aoin.



Tá ag dreoghadh i gcraos na cille
Cnuasach teangan, saoirfhios sean;
D'fhágaibh ar maor Éire uadha
Maon gan chéile buadha an Bh.e.a.n.


L. 235


FEARTLAOIDH:



Tá Éire go déarach i dtuiltíbh bróin,
Ar ghlécor na Gaedhilge thuit tuirsighe clóidh
Féachaidh gan séanmhaire truipí an eóil,
Ó d'éaluigh fá chréchulaith Whitley Stokes.



TÓRNA.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services