Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Peata an Ríogh.

Title
Peata an Ríogh.
Author(s)
Ní Shíthigh, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Peata an Ríogh.



(Sgéal Gearmánach is bun leis an sgéal so)



MÁIRE NÍ SHÍTHIGH do scríobh.



AN CHÉAD CHAIBIDIOL.



Bhí Casaimir a Dó 'na rígh ar stáit bheag san Ghearmáin i
ndeireadh na hochtmhadh aoise déag. Fear aorach sgléipeach do
b'eadh é, gur chuma leis cad a dhéanfadh aon nídh eile dá mbeadh
saoghal breagh aige féin. Bhí naonbhar nó deichneabhar de lucht
timthireachta n-a bpeataí aige; bhídís ag plámás leis, agus, pé
rud ba mhaith leo a dhéanamh, cuiridís 'n-a luighe ar an rígh gur
b'é an rud ceart é agus caithfidhe é dhéanamh. B'é an sgéal
céadna ag furmór na ríghthe san am san é, agus ag cuid aca
san am so, leis.



Acht, nuair a fuair Casaimir bás, b'é a mhac a bhí 'na rígh 'n-a
dhiaidh. Bhí an ainm chéadna air; acht ní mar an gcéadna an
nádúr ná an aigne a bhí ionnta araon, agus ba ghearr go raibh a
mhalairt de sgéal ag gach éinne ag an gcúirt, nuair a bhí an
Tríomhadh Casaimir 'na rígh. Bhíodh náire agus fearg air nuair
a thugadh sé fé ndeara cionnus a bhí gach rud ag imtheacht an
fhaid a mhair a athair; acht chaithfeadh sé éisteacht agus an ceann
is fearr do dhéanamh den sgéal. Acht anois, nuair a bhí an
chomhacht aige féin, bhí atharrach sgéil aca go léir. Thug sé an
bóthar do na peataíbh go léir, agus d'oifigeachaibh eile na cúirte
chomh maith. Chuir sé deireadh le sna fleadhaibh agus le sna
pléarácaibh agus leis an rírá go léir. Ní raibh aon pheata aige
a fhéadfadh a mhaoidheamh go raibh toradh ag an rígh air féin.



B'iongantach an t-atharrughadh é dar le sna daoinibh go léir -
an rí féin ag riaghlughadh na tíre gan beann aige ar éinne.



Ní raibh an rí óg pósta. Bhí a mháthair marbh agus a dheirbh-
shiúr pósta le rígh eile tamall maith uaidh. Níor bh'aon iongnadh
mar sin go raibh uaigneas sa chúirt, agus gan aon bhean tighe
ann; acht níor ghoill sin ar Chasaimir. Bh'é an caitheamh aimsire


L. 237


ba mhó a thaitn leis 'ná an fiaguidheacht n-a aonar sna coilltibh
uaigneacha fiadhaine.



Acht, ambasa féinig! do thárla gur tháinig sé a-bhaile lá
áirithe ó'n bhfiagaidheacht, agus, i n-ionad an "ghéim" a bhíodh de
ghnáth aige, is fiabhrus trom a bhí air. Ó bhí sé n-a leanbh, ní raibh
sé breoite fiú aon lae amháin. Níor bh'aon iongnadh mar sin gur
thug sé an bóthar do dhochtúir na cúirte chomh maith le cách, nuair
a fuair a athair bás. Rud eile, ní raibh aon mheas aige ar dhoch-
túiríbh acht chomh beag le Moliére. Acht féach anois é féin sínte
go tréith lag, agus bhí abhfad níos mó eagla air 'ná bheadh ar
dhuine go dtiocfadh taom anois agus arís air.



Bhí an fear tighis ag tabhairt aire dho, seansheirbhíseach a
b'eadh é seo, a bhí ins an chúirt le fada. Níor thaitin sé leis i
n-aon chor an chuma ina raibh an rí óg ag riaghlughadh. B'fhearr
leis go mór an seannós. D'éirigh leis anois geallamhaint
d'fhághail ón rígh go ndéanfadh sé togha ar dhochtúir arís i gcomhair
na cúirte. Ní túisge bhí an gheallamhaint tabhartha ag Casaimir
ná gur chuir sé allus de n-a bhraonaibh móra agus na dhiaidh sin
thuit a chodladh air agus nuair a dhúisigh sé as an gcodladh san
bhí an fiabhrus imthighthe agus é chomh maith n-a shláinte as bhí sé
riamh.



Ní misde a rádh gur anois a bhí an diombádh air i dtaobh an
gheallamhaint a thug sé uaidh don fhear tighis, acht tar éis
machtnamh air, dubhairt sé leis féin ná raghadh sé siar ar a fhocal,
"ní dhéanfadh fear onórach a leithéid," ar seisean leis féin agus
d'órduigh sé fógra do chur amach á rádh go raibh dochtúir i
gcomhair na cúirte ag teastabháil uaidh.



Bhí áthas an domhain ar an bhfear tighis anois; shaoil sé gur
ghearr go mbeadh gach rud sa chúirt mar bhí sé i n-aimsir an
tsean-rí, acht ní mar sin don rígh óg féin, bhí a mhalairt socair
n-a aigne aige.



Bhí beirt dhochtúirí sa chathair go raibh cáil mhór ortha; shaoil
gach éinne gur duine aca soin a bheadh n-a dhochtúir ag an rígh.
Acht bhí breall ar na daoinibh. Dhein an rí togha ar dhochtúir óg.
Níor shaoil éinne go mbeadh breith aige ar an bpost d'fhagháil
agus bhí iongnadh ar gach éinne; agus is mó an iongna a bhí ar
an dochtúir féin 'ná ar éinne eile mar níor chuir sé isteach ar
an bpost i n-aon chor. Fear ana-óg do b'eadh é. Ba ghearr ó


L. 238


deineadh dochtúr de agus ba bheag de dheallramh dochtúra a bhí
air agus ba lugha 'ná san d'eolas ar dhochtúireacht a bhí aige;
agus nuair a bhíodh daoine breoite ní hair a ghlaodhaidís, acht
amháin a ghaolta bocht féin, agus thagadh sé ag triall ortha san
i n-aisge. B'é deoch leighis a órduigheadh sé dhóibh go léir ná
puins; ní bheadh súil aca le n-a mhalairt. Fear aorach greannmhar
a b'eadh é amhthach. Nuair a bhí sé san Ollsgoil thit sé i ngrádh
le mnaoi uasail óig agus bhí geall pósta eatortha. Nuair a
bhíodh aon phléaráca ar siubhal sé an dochtúír a bhíodh n-a cheann
air. Seán Müller a b'ainm do agus ní gádh a rádh nách ainm
uasal é sin, ná gur d'uaislibh na tíre an té go raibh sé mar
ainm air, agus féach an rí greannmhar so Casaimir, ag toghadh a
leithéid dó féin.



Acht dá mba dochtúir Seán Müller féin, fear macánta do
b'eadh é, agus bhí a fhios aige ná raibh aon eolas aige ar a chéird,
agus ní raibh aon iontaoibh aige as féin; agus nuair a bhí sé ag
dul go dtí an chúirt chun an chéad chomhrádh do bheith aige leis an
rígh, bhí a aigne socair aige an sgéal go léir d'innsint dó agus
a iarraidh air, dá mbadh toil a onóra é, dochtúir éigin eile do
thoghadh ina ionad féin.



Nuair a bhí sé i láthair an ríogh, thug an rí fé ndeara cad a
bhí n-a aigne, agus do labhair se leis mar seo, agus iongnadh an
domhain ar an ndochtúir, agus é ag éisteacht:



"A Dhochtúir Müller, a chroidhe, ná bí ag cuimhneamh gur mar
gheall ar mhéid d'eolais a dheineas togha ort-sa chun bheith mar
dhochtúir agam. Tá a fhios agam nár fhoghluimighis pioc insna
hOllsgoileannaib. Acht is cuma sin. Mar a chéile na dochtúirí
go léir, agus an té is lugha eolas aca is é sin an té is lugha a
dhéanfaidh díoghbháil. Má bhíonn tú ciallmhar agus cúthail, déan-
faidh tú mo ghnó mar dhochtúir. Is cuma dhuit sa d-l cad a
dhéanfaidh mo shláinte; ná labhair liom i n-aonchor mar gheall
air - ní theasduigheann purgóidí uaim-se. Is é sean-nós na
cúirte seo go dtiocfadh an dochtúir gach maidin ar a hocht a
chlog. Leanfad-sa den tseannós san. Bí annso gach maidin ar
a hocht; ná bíodh aon trioblóid ort i dtaobh mo shláinte, agus
ná labhair go gcuirfear ceist ort. Bí ciallmhar ciúin agus cúth-
ail, agus déanfaidh tú do leas."



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services