Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ní fhuil puinn tuairisge ó'n gcogadh le seachtmhain
agus an méid atá is éitheach a fhurmhór. Ní theasduigheann
an fhírinne ó na daoinibh, agus d'á chómhartha sain cuireann
tuarasgoirí na bpáipéar aon saghas ráiméise agus sgéalta
bacaigh abhaile agus léigheann na hamadáin ag baile na
bréaga so go dúthrachtach. Chualamar, tá coicthigheas ó
shoin, go raibh dáfhíchead míle Sasanach timcheall ar
dhream Bórach ins an Saor-Stát agus go raibh cáirde lae agus
oidhche ag na Bóraigh chum géilleadh. Tá an méid úd
Sasanach annsúd gan amhras, agus tuilleadh 'na dteannta,
acht i n-ionad bheith ag cur ar na Bóraigh is iad na
Boraigh atá ag cur ortha sain, agus táid siad ag crith 'na
gcroiceann roimh an tréinfhear sin De Bhet, mar túir-
ligheann sé ortha go hobann nuair is lugha a gcoinne
leis. Sgiob sé leis trí chéad fear uatha an tseachtmhain
seo ghabh thart agus ní feacuighis iongnadh riamh nách raibh
greim aige ar Chitsiner an lá fá dheireadh. Cuireann
sé aighneas anois agus arís ar Rundle atá suidhte ag
Ficsburg agus fógrann cath air, acht tá an Sasanach sain
fá sgáth daingin annsúd agus ní chorróchadh sé cos gidh go
bhfuil ceathrar aige i n-aghaidh gach Bóraigh. Do sheól
Roberts a choileach cómhraic Citsiner fá dhéin Dhe Bhet
lúthmhair agus chuir Roberts sgéala bladhmannach chugainn
gur chuir Chitsiner agus Metuen na gaoithe an rith air.
Níor bhfiú trácht thar an ngrasgar mar níor dhruid De
Bhet a bhfad siar. Dúisígheadh Citsiner ar uair an
mheadhóin oidhche mar bhí na Bóraigh ag búithridh timhceall
air. Ní raibh aige acht uain chum balcais éadaigh do
bhualadh uimis - má bhí an méid sin uaine aige - phreab
sé ar muin capaill, sgaoil sé a ceann léi agus gidh gur
lean na Bóraigh dhá mhíle é ní rugadar air.



Is beag an iongnadh go bhfuil Roberts ag déanadh a
dhíchill chum an fhir seo do ghabháil. Deir na Sasanaigh
gur thug fear darab ainm Loosberg cúntus dóibh nách
bhfuil acht deich míle fear cómhraic 'na gcoinnibh anois
agus táid go han-áthasach 'na thaobh, mar creidid siad an
tuairisg seo agus tá dath na fírinne air. Is deacair
de'n dream bheag sain aon tsúil do bheith aca le buaidh,
acht mar sin féin deirthear go bhfuil Laoiseach Bota
muinighneach agus Pól chómh dán agus do bhí sé riamh.



Tá an Riaghaltas ag gríosadh Roberts chum ghnímh
éigin do dhéanamh le haghaidh an chogaidh do chríochnughadh
toisg go bhfuil teine na Síne ag dul i méid. Chuir sé
cuireadh chum Laoisigh gur mithid dó síothcháin do dhéanamh
anois, mar, gidh gur throid sé féin agus na Bóraigh go
hiongantach, go bhfuil breis fear 'na gcoinnibh anois agus
ná'r bh'éan náire dhóibh géilleadh. Is urrúdhasach an
cabaire beag Roberts agus ní gábhadh dhó an t-eirghe
'n áirde, mar do réir tuairisge an Times ar an
mbruighin úd do bhí aige le Bota an tseachtmhain fá
dheireadh ba bheag ná raibh sé féin agus a shluagh líonmhar
claoidhte ag dhá mhíle go leith Bórach, ó deir an tuairisg
dheidheanach gurab é sin uimhir na bhfear do bhí 'na
choinnibh agus deir an páipéar céadna go raibh sgannradh
ar Roberts go mbiadh éirleach do nós Spiona Cop
imeartha air.



Dála na Síne ní fhuil cúntas cruinn ó'n áit sin fós.
Tá daingean cois cuain ag Tacú agus do sgaoil na Sínigh
na piléir ar loingeas na gCumhachta bhí ar ancoire
annsúd, agus do sgaoil an loingeas ortha sain go tapaidh.
Thóg an loingeas na daingin úd d'éis troda seacht
n-uaire an chloig. Marbhuigheadh agus gonadh cuid mhaith
fear ar gach taobh, acht do sgaipeadh na Sínigh fá
dheireadh. Is é taoiseach sáile na Rúsach do stiuraigh
fuireann an loingis mar do b'é an taoiseach do
b'áirde agus ba shine bhí annsúd é. Deirthear go bhfuil ár
aca ag Tientsin leis, baile atá cómhgarach de'n áit
úd, agus tá an ráfla amuich gur thuit fichid Ameri-
cánach ann.



Do thriall taoiseach sáile Shasana fá dhéin Phecin tá
coicthigheas ó shoin, Seimour is ainm dó. Bhí Gear-
mánaigh, Sasanaigh, Francaigh, Rúsaigh, agus Seapánaigh le
n-a chois agus níor cualathas tásg ná tuairisg uaidh ó shoin.
Deirthear go bhfuil na Sínigh ag marbhadh na gCríostaithe
atá 'na gcómhnuidhe ann, agus má's fhíor é is olc an sgéal
é. Tá amhras go bhfuil saighdiúirí na Síne agus na
Bocsers ag cabhrughadh le chéile, acht má táid féin
buaidhfidh na Cumhachta ortha agus dá éis sin má roinntear
an tSíne beidh imreasgáil aca féin ag roinnt na
coda.



Thug an tighearna Salisburi óráid uaidh an lá eile
ós comhair Chuideachtan an tSoisgéil i Lúnduin. Ní


L. 242


bhfuilid ró-bhuidheach de 'na taobh, mar bíonn an fhírinne
searbh. Dubhairt sé leó go dtéidheadh na sagairt ins
an tsean-aimsir go críochaibh fiadhaine ag múineadh
creidimh gan súil le sochar aca acht grádh Dé, acht nách
mar sin indiu do theachtairí creidimh Chuideachtan an
tSoisgéil, mar gibé áit go gcuirid siad so fútha, go
mbíonn sé riachtanach ar an Riaghaltas ceannphort airm
do sheóladh 'na ndiaidh chum iad do chosaint. Is truagh
gan slighe agam chum a thuilleadh de'n óráid seo do
chur i gcló mar is maith d'fhóillsigheann sí fáth na
buaidheartha so 'sa tSíne indiu.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services