Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir Ghleann Finne

Title
Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir Ghleann Finne
Author(s)
Ó Dubhghaill, Seamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cómhairle Sheamuis Uí Dhubhghaill do Mhuintir
Ghleann Fhinne



Fear oibre seadh mise a cháirdibh agus tá fios agaibh nách
é an té is mó calan is mo oibre. Acht mar sin féin
ba mhaith liom focal no dhó a rádh libh.



Tá sé anois suas le chúig mbliadhna fichead ó thoisi-
dheas air bheith ag obair fa d-taobh na cúise seo. Tá
mo cheann liath anois, acht moladh le Dia agus le Muire
tá mo chroidhe óg, mar chím anois ar gcúis ag 'ul 'un
cinn.



Tamal beag ó shin agus ní raibh acht fear annsa agus
annsúd a chuir aon t-suim i g-cúis ar d-teanga. Ní
mar sin atá an sgeul anois. Na daoine bhí bodhar
tamailín ó shin tá a g-cluasa air leathadh indiu. Na
daoine bhí balbh tá siad a caint orrainn - cuid aca
n-ar n-aghaidh agus cuid aca a tabhairt cabhartha dhúinn.
Na daoine bhí 'nár g-coinne tá siad 'nár g-coinne go
fóil, acht a cháirdibh, ní'l siad chomh tarcuisneach agus
bhíodar, chídheann siad go maith go bhfuil muid ag 'ul
a dtreiseacht gach uile lá. Moladh le Dia támuid agus
tá meas orrainn agus air ár d-teanga. Acht a cháirdibh
níl mid sásta go fóil.



Deir sean-fhocal "gur fearr focal 'sa chúirt ná
púnt sa sparán," agus is ró-mhaith an sean-fhocal atá ann
acht tá sean-fhocal eile chomh mhaith, a deireann



"Ní bheathóch' na bréithre na bráithre." Is mar sinn
atá an sgeul aig cúis ar d-teanga.


L. 387


Iarraim air 'ach uile dhuine óg agus críona tá aig éis-
teacht liom anois an cheist seo a chur chuige fhéin.



"God é an chaoi is féidir liomsa cúis na Gaedhilge
chur 'un cinn?"



'Bhfuil Gaedhilg agat fhéin? Má tá bhidheadh sí aig
do phaisdí.



Bidheann daoine a déanamh magaidh fá do chuid
Bheurla, ní baoghal duine ar bith bheith a magadh fa
d-taobh do Ghaedhilge.



Acht ná bí sásta leis an méid sin.



Mar a d-tig leat teanga ar sínsear a léigheadh, ná
bhí a bhfad mar sin. Tá leabhairíní deasa le fághail air
bheagán airgid; agus an fear no an bhean go d-tig leo
Gaedhilg a labhairt ní fada bheidheadh a foghluim í
léigheadh.



Tá páipeur nuaidheacht a thagann amach gách seacht-
mhain, "An Claidheamh Soluis." Níl an paipeur ró-
dhaor - tá sé le fághail air phíghin ruadh. Tá Beurla agus
Gaedhilg 'sa pháipeur - tá ann cúntas cruinn air chúis
na Gaedhilge air fuid a domhan. Ceannuigh an páipeur,
is ró-mhaith an luach pighin é.



(Do dhíol Mac Uí Dhubhghaill suas le luach puint do
leabhairíní an lá céadna leis na daoine bhí aig an
gcruinniughadh).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services