Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feirmeoireacht

Title
Feirmeoireacht
Author(s)
An Feirmeoir Gaodhalach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaodhalach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feirmeoireacht



Tá préamhacha agus duilleabhar ar gac planda d'fhásann.
Tá préamhacha ar chum go sughfadh sé a bhiadh suas as an
dtalamh agus is éigin an biadh so bheith ins an tslighe gur
féidir é shughadh - sé sin a bheith lobhtha agus leaghta le
h-úireacht an talamh agus sin é an chúis go bhfuil sé riach-
tanach an talamh bheith úr. Tugann an t-aer leis
cungnamh do'n uisge. Tá nidhthe eile measgtha ins an
aer agus gan a gcungnamh-san ní féidir do'n uisge an
obair go léir do dhéanamh - biadh na mbarraí do leaghadh
i gceart. Mar sin is fearrde an talamh a shaothrughadh
mar tugtar cothrom do'n uisge agus do'n aer chum a
gcuid féin de'n obair do dhéanamh.



Aontuighe



Bhí roinnt mhaith stuic ag aonach Atha-Fhirdia an mí
so agus bhí a lán ceannuightheoirí ann. Bhidheadar an-
ghnóthach ag ceannach gac aon tsaghais beithidigh. Go
mór mór bá tórmaigh. Tugadar sé púint deag deich
go dtí fiche púnt ceann ortha agus dhá phúnt deag deich
go cheithre phúint deag an ceann ar thuilleadh aca. Bhí
cuid oireamhnach do mhucaibh reamhra ann. Do ceann-
uighead muca éadtroma chum bagúin ar cheathair agus [da]{dá]
fhíchid go dtí sé agus da fhichid an céad; muca an-reamhra
da fhichid go dtí dó agus da fhichid an céad; céise ar ocht
fichead go dtí trí déag ar fhichid an ceann; agus banbhai
sé scillinge déag go dtí dó fichead an ceann.



Bhí an-aonach le feabhas i gCaisleánchomer an mi so,
rud dob' annamh leis. Bhí an t-uathbhás stuic ann agus
ceannuightheoirí ó gach áird. Bhí luach maith ar
gach saghas stuic. Do díoladh loluigheacha ar cheithre
phuint déag deich go dtí ocht bpúint deag deich an
ceann; gamhnacha deich bpúint go dtí dhá phúnt déag
an ceann agus ba tórmaigh cúig phúint déag go fiche púnt
an ceann. Beidh aonach uair 'sa' mhí ann as so amach,
agus tá gach aon deallramh go mbeidh sé ar na h-aontaighibh
is fearr ins an Chontae cheadna.



An Feirmeoir Gaodhalach



úr, moist; úireacht, moisture

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services