Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Litir Aodhaireachta

Title
An Litir Aodhaireachta
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 13, 1901



AN LITEAR AODHAIREACHTA



Dá bhfiafruighthí dhinn caidé an rud is tabhachtaighe agus
is tairbhighe do'n Ghaedhilg do thuit amach le bliadhain,
adéaraimís gan aimhreas gurab é comhairle na nÁird-
easbog agus na nEasbog bheith da cur amach i nGaedhilg
chomh maith leis an mBéarla é. Fuarthas ordughadh
speisialta an litear Aodhaireachta do chur amach i
nGaedhilg, agus taisbeánann soin Cliar na hÉireann, nar
theip i n-éan-ghábhadh, do bheith ar thaobh na Gaedhilge.
Tá an Litear so mar uradhas againn go bhfuil ár gCliar
naomhtha linn, ins an obair fhiúntaigh seo ar dteangadh
duthchais, agus gabhaim-se orm pé cúis go mbídh cliar agus
tuath i n-éinfheacht ag teantughadh léi nach bhfuil baoghal
ná go raghaidh sí chum criche fóghanta.



Ní gábhadh trácht ar ughdarásacht na Litre seo mar
tá a fhios soin ag gach éan-duine cheana féin. Ní'l
leath-sgéal ar bith anois ag an gCléir fanamhaint leath
amuigh de Chonnradh na Gaedhilge ná gach ar féidir leo
do dhéanamh ar a shon.



Tá séala Airdeasbog agus Easbog na hÉireann ar an
nGaedhilg anois agus is mór is ion-mholta an gníomh soin
uatha. Ar an Dochtúir Micheál O hIceadha is eadh thuit
aistriughadh na litre go Gaedhilg agus go deimhin gur
maith d'éirigh leis a dhéanamh. Tá míniughadh na gcruadh-
fhocal curtha síos aige i gcomhnuidhe.



Ba cheart do gach Gaedhilgeóir an leabhairín seo bheith
aige; a léigheamh agus a áith-léigheamh; agus ní'l dá minicighe
léighfidh sé é nach fearrde a chuid Gaedhilge féin an
gníomh sain. Tuistiun luach an leabhairín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services