Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smuainte ar Árainn

Title
Smuainte ar Árainn
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Smuainte ar Árainn



I.



Ní raibh aithne agam ar an bhfíor-Ghaedheal go dtí
an chéad uair chuadhas thar an Sionainn anonn, suas
le trí bliadhnaibh ó shoin. Is fíor é sin, go deimhin féin,
gé gur shaoileas riamh gurbh' Éireannach mé féin, agus fós,
gach duine dom' sheacht sinnsearaibh romham.



I nduthchaigh an Bhéarla, déanmuid ar ndícheall chum
bheith i n-ár nÉireannchaibh, acht, ar chuma éigin ní thuigmíd
'sa cheart an tshlighe chuige sin. Is na ceanntaraibh ar
fud na hÉireann nach raibh an Ghaedhealg beó ionnta
le n-ar linn, ní abraim nach bhfuil teas-ghrádh ag na
daoinibh dá dtír. Tá, gan amhras, agus b'éidir níos mó,
go minic, ioná atá ag na Gaedhilgeóiribh féin. Acht, is
amhlaidh do'n sgéal ioná go bhfuil smuainte agus geása
na nGall 'gár milleadh i gan-fhios dúinn i n-a leithéidibh
sin d'áitibh. Tháinig na droch-ghnása soin agus eile isteach
chugainn leis an teangaidh gcoigcríochaigh; agus mar sin
de, ní orainn atá an milleán go díreach, acht, ar na
daoinibh tháinig romhainn.



Dún Aongusa


L. 652


Bé sgéal é, rigneas-sa amach na fíor-Ghaedheala
isteach agus amach le trí bliadhnaibh ó shoin agus is amhlaidh
thárla.



Ar rochtain na Gaillimhe dham lá i mí Lughnasa
timcheall meadhon lae bhuaileas amach fá'n gCladach.



Do b'é an céad-bhlas fuaras do'n teangaidh ioná beirt
bhan-iasgaire ag báirseacht le n-a chéile ag doirsibh a
dtighthe. B'éidir nár cheart dam é, acht ar a shon sin féin,
chuir sé áthas mo chroidhe orm bheith ag éisteacht leó:
do chuir, go deimhin. “Nach maith an rud é troid
féin do chloisint i dteangaidh na tíre?” dubhras liom
féin, gion gur thuigeas fiú an fhocail dá raibh ar siubhal
eatorra. Díreach mar fhíon do dhuine gan neart nó
mar uisge do dheóraidhe 'sa' bhfásach do b'eadh dhamh-sa
fuaim na Gaedhilge an lá soin.



Nuair d'éirigheadar tuirseach 'sa deireadh ó bheith ag
gabháil d'fhoclaibh i n-a chéile agus iad gan gíog nó míog
asta, d'fhágbhas im' dhiaidh iad agus d'imthigheas ar m'aghaidh
liom chum na túirlinge.



Bhí sgata páisdí ar an ngainimh cois na fairrge agus
iad ag bailiughadh mion-neithe — blúiríní adhmaid agus a
leithéide rug an taoille isteach leithi. Ní raibh an oiread
Gaedhilge agam agus go mb'éidir liom caint do dhéanamh
leó, acht bhí milseáin agam im' phóca, agus ní gabhadh nár
thuigeadar iad-san. Thuigeadar go ríogh-mhaith, agus níor
bh'fhada go raibh suas le fiche páisde im' thimcheall agus iad
go léir ag breathnughadh orm le hiongantas.



Bhíodar cuthal i dtosach, acht i gceann tamaillín,
chaitheadar an faitcheas uatha agus do mhínigh siad dam i
mBéarla bhriste gach rud dár fhiafruigheas díobh.



Chuartaigheas an Cladach ar fad agus na páisdí lem'
thaoibh nó im' dhiaidh.



“Cá bhfuil an Rí?” arsa mise.



“I dteach na mbocht,” arsa duine aca.



“I dteach na mbocht! An mar sin bhíos sibh ag tabhairt
onóra do'n righ?” arsa mise.



“Ní headh,” adubhairt gearrcháile bheag bhíodhgach
“acht, tá go bhfuilmid ro-bhocht chum a chongbháil suas.
Mar sin fhéin, bímid ag déanamh ar ndíchill. Cuireadh
mise chuige, an Domhnach seo ghabh tharainn le ceathramha
puinnt tobac agus gráinnin tae agus an Domhnach seo chugainn,
cuirfear duine eile chuige le ruidín blasta éigin dá
leithéid sin.”



“Is aisteach croidhe an duine,” adubhras liom féin
“agus is aisteach fós é béal-oideas na nGaedheal.”



Do chaitheas mór-chuid do'n lá mar sin ag bualadh
anonn agus anall i gcomharsanacht na Gaillimhe, acht an lá
i n-a dhiaidh sin, d'fhágbhas an tsean-chathair ar mo chúl,
agus bhias amuigh ar an bhfairrge mhóir ag déanamh ar
Árainn na Naomh — ag imtheacht agus ag dian-imtheacht
dúinn gur fhágbhamar Ceann Beárnan ó dheas i n-ar
ndiaidh, agus go bhfacamar oileáin Chuain na Mara os ar
gcomhair. Fá dheireadh, chonnacas mar do mheasfadh
duine, míol-mara ag árdughadh a dhroma as a tonn-
trachaibh — míol-mara liath adéarfá gur bh'eadh é, agus níor
bh'fhada gur éirigh ceann eile ar an nós gcéadna, agus
d'éis sgathaimh bhig, an treas ceann.



Acht anois do ghabhadar uile a mhalairt do chruth, gur
bh' amhlaidh do bhíodar ioná cosamhlacht chlocha mór ag
teacht orra. Bhíodar ag dul i méid ó nóimeant go
nóimeant; do b'iad oileáin Árann do bhí ann! Ag
tarraing i ngar dóibh badh dheacair d'éinneach a mheas
go bhfuil daoine agus a lán daoine freisin i n-a gcomh-
naidhe orra. Badh dheacair a mheas go bhfuil slighe
bheathadh do dhuine nó d'aithid le faghbháil i n-a léithéid
d'áit gharbh chlochach acht, níor bh' fhada go dtáinig
chúig curacha amach ó cheann aca agus do stad an long-
ghaile bheag ar a rabhas go dtangadar suas linn, agus iad
ag coimhlint le n-a chéile ag féachaint cia aca bhéadh i
n-ann a chuid earraidhe do chur ar bord i dtosach.



Ar mbreathnughadh im' thimchioll dam shaoileas go dtárla
dham teacht ar domhan eile — flainín éadach olna gorm
ar na fearaibh agus flainín dearg ar na mnáibh do bhí i
n-a suidhe i ndeireadh na gcurach; bróga orra do
chroicionn mhart nach raibh an fionnadh bainte dhe, acht é
ar a gcosaibh díreach mar d'fhás sé ar na beathadhachaibh
agus rud níos aistighe go fóill, teanga nua dá labhairt
ar gach taoibh dhíom — agus a rádh gur bh' í sin teanga mo
shinnsear agus mise mar eachtrannach gan eólas agam
uirri nó ar sean-nósaibh mo thíre féin. Cia ar a bhfuil
a mhilleán? orm-sa nó ar na daoinibh tháinig romham!
Gach ní dár thuit amach annso, do b' amhlaidh gur thuit
amach beagnach mar an gcéadna i ngar do'n dara
hoileán agus fa dheireadh shiar rángamar cuan agus caladh i
nÁrainn Mhóir, an t-oileán as mó agus as saidbhre d'
oileánaibh Árainn; acht, dar ndóigh, ní hionann soin agus
a rádh go bhfuil saidhbhreas an tsaoghail seo le fághbháil
i n-oileán ar bith aca. Ní hionann maiseadh; acht n-a
leabaidh sin 'sé badh cheart a rádh ioná nach bhfuil an
oiread céadna do dhochar agus do bhochtach ag luighe agus ag
imirt ar mhuinntir an oileáin seo agus atá ar na daoinibh
gaoil aca is na hoileánaibh eile.



Teampall Beanain



Is iomdha roilig agus sean-teampall atá le feicsin i
measg na gcairrgeach annso agus annsúd, agus deir an sean-
rádh nach gcomhairmhéochthar go lá an Luain an dream


L. 653


naomhtha líonmhar atá curtha i gcréafóig Árann. Agus,
gan amhras, ní deacair an sgéal sin do chreideamh.



Ní imthéochá as mo chuimhne go deó an aimsear do
chaitheas ag na Seacht dTeampallaibh. Roilig bheag
shuarach i n-iarthar Árainn Móir agus láithreacha le feicsin
ar gach taoibh ann — sin é mar atáid na Seacht dTeam-
paill anois, acht bhí a lá féin aca tamall eile.
Gleanntán úr an áit i bhfuilid, an féar ag fás ann go
glas agus gan acht cairrgeacha i n' aice. Is an áit bheann-
uighthe sin ní fhuil aon rud níos ársaidhe, deir siad, ioná na
seacht n-uaighe cumhanga atá 'sa gcúinne ó thuaidh do'n
roilig. SEPTEM ROMANI! Acht an mhéad soin
amháin ní fhuil rud ar bith le faghbháil ná le feicsin ar an
leic bheag atá os cionn na n-uaigh sin, agus adubhradh liom
'sa gcomharsanacht gur b'é as gnáthchuimhne i measg na
ndaoine le n-ar linn gur seacht Naoimh Eachtrannaigh
tháinig ó'n Róimh is na sean-aimsearaibh atá leagtha
fá'n bhfód ann. Airiú! nach uaigneach an t-oileán i
bhfad ó n-a dtír agus a muinntir féin fuaradar amach as
ucht fhoillsighthe agus tréoruighthe Dé; agus nach uaigneach í an
áit chumang so chum bheith ag feitheamh leis an Eiséirghe
ann go bruinne an bhrátha!



Ar léigheamh na mion-fhocail ud dam i n-a dteangaidh
féin, d'éirigh na déora im shúilibh, acht, d'éirigheas im'
sheasamh agus do bhreathnuigheas amach ar an bhfairrge
mhóir an fhairrge chéadna gan atharrach gan chlaochlódh
ar a mbreathnughadh na Septem Romani i
n-allód — agus d'airigheas í go mór millteach gan chrích
gan teórain, na tonna ag pléasgadh agus ag briseadh ar
an tráigh díreach mar do bhídís ar feadh na gcéadtha agus
na mílte do bhliadhantaibh.



Chualas glór na gaoithe agus í ag súgradh leis na
lannaibh agus d'airigheas na bruthanna ag léimnigh suas i
n-aghaidh na gaoithe “Annso tamall agus do shíor annsúd.”
Sin síosma na gaoithe ó thuaidh agus sin arís cogarnach na
dtonn amuigh fá'n muir gan chrích. D'éisteas leó go
ceann i bhfad, agus do thuigeas, dar liom, ceist na n-uaigh
ag mo chosaibh.



II.



INISMEADHON



Ar bhárr tuinne do chuaidh an curach i n-a rabhas-sa i
dtír i nInismeadhon. Bhí a lán daoine ar an gCaladh
Mhór chum congnamh do thabhairt dúinn. Bhí Páidín
féin ann — Páidín Mac Donnchadha, fear na hOllsgoile
Gaedhilge; agus ag fáisgeadh láimhe liom, chuir sé fáilte
romham go hInismeadhon. Rug sé suas an bóithrín leis
mé agus é ag caint agus ag síor-chaint i nGaedhilg, ag
taisbeánadh dham na sean-tobar agus eile. Ní gabhadh a
rádh gur cailleadh orm-sa an Ghaedhealg bhlasta úd agus
mé ag briseadh mo chos ar na clochaibh géara, gan fiú
na fhocail as mo bhéal. Fa dheireadh rángamar an
Ollsgoil féin, teach atá suidhte sgathamh beag amach ó
n-a tighthibh eile, agus sráidín i n-a dtimcheall.



“Cúig céad míle fáilte romhat,” arsa Brighid, agus í i
n-a seasamh 'sa doras “'bhfuil tú túirseach?”



Thuigeas a ndubhairt sí acht ní tháinig freagradh do
thabhairt uirri as Gaedhilg. Isteach liom 'sa tigh — an teach
céadna ar fhoghluim an tAthair Eoghan Ua Gramhna -
beannacht Dé le n' anam! — an tsean-teanga ann, agus
d'airigheas go rabhas ag baile dá ríribh 'sa deireadh.
Bhíos gan amhras, agus ní misde a rádh gur bh' an-tsásta
mise dá dhruim.



Táinig na comharsain ar Chéilidh chugainn an tráthnóna
soin, agus chraith gach duine aca a láimh liom agus gé nár
thuigeas a ndubhradar, bhí a fhios agam go maith gur bh'
í fáilte na nGaedheal do bhí dá cur romham aca.
Thosuigheadar ar sean-sgéaltaibh agus ar bhéal-aithris
d'innsint. Bhíos-sa im' shuidhe i gceart-lár na cisdine
ag déanamh iongantais ar ghile an bhalla agus ar fhuaim na
Gaedhilge im' chluasaibh, agus bíodh nár thuigeas a raibh dá
rádh aca, do b' amhlaidh gur airigheas gur bh' í an
Ghaedhealg an teanga ba dhual dam. D'airigheas
mac-alla dá fuamannaibh binne im' chroidhe cheana mar
adéartha, agus ní fhuil Éireannach beó fá láthair nach bhfuil
an sgéal céadna aige.



Do b'é lá Féile Muire beag an dara lá dár chaitheas i
nInismeadhon; agus ar ndul amach liom féin dam, agus mé
ag siubhal an bóithrín go moch ar maidin, shaoileas gur
cheart dam iarracht do dhéanamh ar bheagán Ghaedhilge
do labhairt. Do bhí a fhios agam go raibh sé ag tarraing
ar aimsir an Aifrinn agus do rigneas rún iarraidh ar an
gcéad duine dá gcasfaidhe orm an raibh sé ag dul ag
an Aifrionn. Ceist bheag shimplidhe do b'eadh í sin, agus
cia thárla orm acht buachaill beag gan níos mó ioná
deich mbliadhna d'aois aige.



“An bhfuil tú ag dul go hIfrionn?” arsa mise.



D'osgail sé a shúile beag agus a sgeón ionnta.
Bhreathnuigh sé orm go ceann nóimint agus annsoin do
ghabh sé dá chosaibh agus as go bráth leis díreach agus dá mbéadh
gadaidhe nó geilt i n-a dhiaidh.



“Is fiadhain iad na páisdí annso,” dubhras liom
féin, agus go ceann tamaill mhaith níor thuigeas an sgéal


L. 654


'sa gceart; acht, nuair fuaras amach cionnas mar do
bhí an sgéal ní gabhadh dham a radh go ndearnas féin
gáire faoi chomh maith le cách.



An lá soin ná go ceann seachtmhaine níor thuigeas
focal dá mbídís ag rádh acht amháin gur mhínigh fuine
do bhí ag foghluim na Gaedhilge ann corr-fhocal dá
raibh ar siubal aca dham.



“Tá an-tóir ag Stiofán ar an Gaedhilge,” adéireadh
Bhrighid, acht, is amhlaidh gur shaoileas féin, dá mbíodh
an oiread Gaedhilge agam-sa agus do bhí aige-sean go
mbéinn sásta go deó na ndeór.



Bhí ar Stiofán imtheacht as an oileán i gcion seacht-
mhaine. As soin suas b'éigean damh-sa seasamh ar mo
shon féin. Ba bhreagh é fuaim na Gaedhilge do chloisint
dá spreagadh an céad ni ar maidin ar ndúiseacht duit agus
ba shona é dul a chodhladh i ndeireadh an lae agus an fhuaim
bhinn cheadna id' chluasaibh.



An lá déidheannach dár chaitheas i nInismeadhon an
bhliadhain sin, thriallamar síos go dtí an Caladh Mór.
Is iomdha duine idir óg 's sean do bhí lem' thaoibh an lá
céadna, acht, cá raibh mo chara Páid Ua Fathartaigh, an
fear do bhíodh ag léigheamh na Gaedhilge dham ó'n gcéad
lá do shroicheas an t-oileán? Cá raibh sé? Nuair do
bhí leath an bhóthair siubhalta againn bhuail sé thar chlaidh
romhainn agus leath-choróin i n-a láimh aige. Bhí sé ag
breathnughadh beagáinín beag bainte dá threóir agus d'fhan
sé i n-a thost go ceann tamaillín.



“Cad atá ort, a Pháid?” dubhras fa dheireadh.



“Tá,” arsa Páid, “go bhfuil sean-leabhar urnuighthe
agam. Fuaras ó'n Áird-Easbog Mac hÉil mar bhronn-
tanas é fad ó agus mé ag dul fa láimh Easboig. Tá sé
geall le bheith caithte anois agus b'fhearr liom ioná feirm
talmhan a mhacasamahail do cheann fhaghbháil; ní maith
liom an ceann fuaras ó'n Leomhan fhéin chaitheadh ar fad.



Tá faitcheas orm, a bhean-uasal, go bhfuilim ag cur
an iomarca trioblóide ort, acht, ní thuigeann tú an
sgéal díreach. Fuaras ó n-a láimh féin é as ucht go raibh
an teagasg Críostaidhe agam do mheabhair agus” -



“Tuigim an cheist, a Pháid” adubhras “Ní gabhadh
dhuit a thuilleadh do rádh.”



III.
Craobh na mBan



Bhíodh na cailíní ag teacht isteach gach Domhnach go
dtí an Chraobh do Chonnradh na Gaedhilge cuireadh ar
bun le haghaidh na bhfear. Níor bh' fhada gur ghabh fonn
foghlumtha na Gaedhilge go mór iad, agus go dtáinig éad
orra fa gan Chraoibh do'n Chonnradh do bheith aca dóibh
féin. Tugadh misneach dóibh 'n-a thaoibh sin agus do b'é
adubhairt ceann aca.



“Béidh Craoibh anois againn dúinn féin gan bhuidhe-
achas do na fearaibh.”



“Béidh, le congnamh Dé,” dubhradar uile d'aon ghuth.



Agus is amhlaidh thárla, acht, mar sin féin, ní gan
bhuidheachas do na fearaibh go díreach, óir thangadar, an
chuid ba mhó aca-san, chum congnaimh do thabhairt dá
mnáibh gaoil an lá do bhí Craobh na mban dá cur ar
bun.



As soin amach ba mhór an comórtas do bhíodh idir an
dá Chraoibh, agus an bhliadhain i n-a dhiaidh sin do ghabhadar
na mná leó a lán do na duaiseannaibh do bhí dá dtabhairt
amach ar an bhFeis ar son léighthe, aithrisóireachta
agus eile. Is annamh bean 'san oileán anois nach bhfuil i
n-ann litear, a bheag ná a mhór, do sgríobhadh, nó píosa
Gaedhilge do léigheamh 'sa tráthnóna, an chuid as lugha
de. Is minic casadh bean orm, agus naoidhnean aici ar a
baclainn, agus leabhrán Gaedhilge dá léigheamh aici ag dul
go dtí an tobar.



Tráthnóna bhreagh dá raibh cruinniughadh againn i dtigh
na sgoile, bhí bean ag dul thart, agus láighe i n-a láimh aici
le fataí do bhaint. Chuala sí na hamhráin ar siubhal agus
isteach léithi chugainn. “Ní fhanfad acht aon nóiméid
amháin,” ars ise; “caithfidh mé mo dhinnéar a bhaint.”



Bhí go maith agus ní raibh go holc go ceann tamaillín.
Tug sí amhrán nó dhó dhúinn. Anois agus arís do
bhreathnuighinn uirri, acht, ní thug sí fá deara go raibh
an aimsear ag imtheacht.



D'amharc sí chomh sona sin, agus nach bhféadfainn féin a
chur i gcuimhne dhi go raibh sé ag éirghe déidheannach.



D'fhan sí linn ar feadh trí uaire an chluig agus do b' í
an bhean ba dheireannaighe d' fhág an cruinniughadh.


L. 655


Do bhí an ghrian beagnach faoi nuair bhí deireadh leis
an gcruinniughadh gcéadna, agus d' fhiafruigheas dí nach
raibh ocras uirri.



“Tá,! muis!” a dubhairt sí, “acht, nach cuma sin?
Níor chaitheas píosa lae riamh do b' fhearr liom ioná an
aimsear chaitheas annso. Bíonn mo dhinnéar agam
gach lá 'sa tseachtmhain, acht ní raibh a leithéid seo ar
siubhal againn riamh roimhe seo.”



Ní gabhadh a rádh go bhfuair sí cuireadh teacht ann
aon uair go mbadh mhaith léithi, agus ní baoghal, acht an
oiread, nach raibh sí i láthair ar gach cruinniughadh do
chruinnighthibh na mban as sin amach.



Rug sí a láighe léithi amach an lá sin, agus chuala mé a
guth go ceann i bhfad agus í ag gabháil fhuinn, “A Mháire,
is tú mo haon ghrádh geal!”



IV.
INISTHOIR



Is maith as cuimhin liom an lá breagh do bhuaileamar
isteach i gcurach ag triall ar Inisthoir, an t-oileán
as lugha d'oileánaibh Árann. Bhí an fhairrge an-
chiúin ar fad, agus na dathanna ag síor-atharrughadh ar
an uisge ó dhubh go gorm agus ó ghorm go glas, agus arís go
gorm-dhubh. Ní raibh deifir ar bith orainn, agus mar sin,
léigeamar amach na dorughanna le rionnachaibh do
ghabháil, acht, dar ndóigh, bhíodar ro-chríonda dhúinn agus ba
bheag an tairbhe do Sheaghan ar ghabhamar an lá soin.
Tá sé i gcuimhne dham, fós, cionnas mar chuadhmar i
dtír ar an ngainimh te, agus an ghrian ag sgairteadh orainn
agus ar na daoinibh do bhí i n-a seasamh ar an tráigh.



Agus, i n-a dhiaidh sin, do chaitheamar mór-chuid do'n
lá ag taisdeal an oileáin agus ag breathnughadh ar na
sean-teampallaibh agus eile atá le faghbháil ann, agus go
háirithe ar Chaisleán Ghrainne Ní Mháille atá 'na
shuidhe ar árdán ghlas thuas os cionn na fairrge.



I bhfoigseacht na tráthnóna nuair bhí fuineadh na
gréine thart agus a hiar-solas ag tuitim ar Dhún Feara-
bhuidhe ar ar n-aghaidh agus sgáile na néalta leagthe síos 'sa
bhfairrge taoibh thoir do'n Chois, do thriallamar ar ar
n-ais arís go hInismeadhon. Do bhuaileamar an fánán
nó an tshlip mar tugtar air, díreach mar do bhí na
hiasgairí ag cur amach ar an bhfairrge fa choinne oibre
na hoidhche.



Ba mhinic dúinn 'n-a dhiaidh sin bheith 'san oileán ó
dheas, acht, 'sé céad-radharc ar áit ar bith bhíos buailte
isteach i n-aigneadh dhuine.



V.
AN BHANAIS, AN TÓRRAMH AGUS EILE.



Do bhíos ar bhanais i nInismeadhon agus ba bhanais shult-
mhar Ghaedhealach í. A nGaedhilg pósadh iad agus gach
duine 'san oileán beagnach i láthair 'san teampall
bheag. Mise do ghearr an bulóg os cionn na lanamhna
ar an mbanais.



Bhíos i láthair ar torramh ann leis. Is minic cluin-
im-se fós fuaim an chaointe im' chluasaibh — an fhuaim ba
bhrónaighe dár chualas riamh. Máthair óg do bhí ag
caoineadh ann os cionn an éin-leinbhín amháin do bhí
aici. “O! a Mhicilín bháin, a leinbh ó!”



Is cuimhin liom lá na socraide agus cionnas mar d'éirigh-
eadar go léir ag caoineadh ag dul isteach 'sa roilig, agus
fós, cionnas mar thug gach duine aca fa seach cuairt
ar uaigh a dhaoine muinteardha 'n-a dhiaidh sin.



Is cuimhin liom freisin — acht, ní fhuil mé chum cunn-
tais do thabhairt ar gach ní dár thuit amach ar feadh
aimsire mo chomhnuidhe i measg na nGaedheal. Ní
fhuilim acht ag cur síos annso ar an smuaintibh do
bhuail isteach im' intinn ar bheith dham ag sgríobhadh.



Smuaineadh eile, agus cuirfear deireadh lem' chuid
ráidhte.



Bhíos ag imtheacht timcheall aon uair amháin sul mar
fhág mé Inismeadhon. 'Sé do bhí am' thiomáint thart-
thimcheall an lá soin ioná slán agus beannacht d'fhágbáil
ag cuid do na sean-daoinibh nár bh'éidir leó an tein-
teán do thréigint. Ar dteacht amach as tigh fa leith
dham, do rith cailín deas im' dhiaidh agus ghlaoidhigh sí orm.
D'fhán sí sgathamh 'n-a seasamh agus í go han-chuthal ar fad,
acht fa dheireadh do shín sí amach a láimh agus d'airigheas go
raibh fáinne óir aici innti. Fáinne beag deas leath-
chaithte, b'eadh é agus is dócha go raibh sé 'sa dteaghlach aca
ó n-a sean-aimsearaibh.



“Chuir mo mháthair chugat an fáinne beag so, agus is mór
ghoilleann sé uirri nach bhfuil rud níos deise aici
gurbh' fhiú a thabhairt duit.”



Ní thugas freagradh uirri bhí an oiread soin
iongantais orm. Bhí a fhios agam go raibh na sgoil-
teacha ag luighe ar a máthair agus go raibh sí bréoite tinn.
Bhí a fhios agam, freisin, go rabhadar an-bhocht, agus gur
dhócha gurbh' é, an fáinne seo, an t-éin-phíosa óir bhí
aca 'sa tigh.



“Leig dam 'a chur ar do mhéar má 's é do thoil é”
dubhairt an cailín, agus do shín sí a láimh amach arís.



“Ní thig liom soin, do dhéanamh, a chara chaoin” adubh-
ras, “ní thig liom, go deimhin, acht, táim chomh buidheach
céadna dhíot agus dá nglacainn é, táim, creid uaim-se
ésin.” Rigne sí gach a raibh ar a cumas chum a chur
d'fhiachaibh orm an fáinne do ghabháil agus bhí díombáidh an
domhain uirri ar son gur dhiuilteas í.



Ní hiongnadh é go rabhas ag smuaineadh ar fhlaitheamh-
lacht na nGaedheal agus ar nósaibh na sean-aimsear agus
mé ag triall ar an bhfairrge, mo cháirde Gaedhealaigh[;]
im' dhiaidh agus fuar-chríocha an Bhéarla romhaim.



'Sé idir uaislibh Fhuinn Gaoidheal
Do-ghní an t-ainm sé d'iomsgaoleadh,
Reacht fíre na fréimhe ó bhfuil,
Séimhe an n-dine dá ndúthchaigh.



Úna Ní Fhaircheallaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services