Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S iBHFUS I dTÍRCHONAILL



“Chuaidh mé seal tamaill ar cuairt
Go mbreathn'ainn fhéin uaim an speir
Thart fa na hoileán a ruaig, mar
Bhéadh eilit is cú 'na diaidh.”



Is ó Dhoire Choluimcille thosnuigheas ar mo thurus.
Is í sin an áit is fearr le toiseacht ar chuairt a
thabhairt ar Thírchonaill óir is eochairsgiath do chondae
Dún-na-nGall an chathair atá suidhte ar Loch Feabhail.
Diomaoidhte de sin bhí mé i nDoire cheana féin in mo
chomhnuidhe ann sin ar feadh míosa agus cad fath nach
dtoiseochainn m'aisdear ó'n gcathair sin? Rud eile
fós mar is turus ar an Gaedhealtacht bhíos ar tí thabhairt
cha dtiocfadh liom toiseacht in áit a b'fhearr [na]{ná} i
nDoire mar atá an Ghaedhilg ag dul 'un tosaigh go
tréan agus go teann. Thugas ar ndóigh cuairt ar dtús
ar an gCumann Litiordha. Ní raibh mórán aithne agam
ar an gCumann roimh rae, siud is gur casadh orm cuid
da mhuintir anois is arís, thall is i bhfus. Acht d'airigh
mé ins na páipéaraibh agus i ndóigheannaibh eile go raibh
an spiorad cheart i lucht an chumainn, óir ó'n lá ar
cuireadh an cumann an bun i nDoire ní raibh lá
suaimhneasa ag na seoiníníbh [no]{nó} ag na buicíníbh fa'n
gceantar sin go dtí an lá indiu. Mar sin de “mo
chumann go buan” is eadh an Cumann. Ghoir mé
chuca in a sheomra ag tigh Mic Fhionnlaoigh i sráid
Feabhail agus chuir mé forrán orra anois is arís ag siopa
Bhailldeirg agus a Chuideachtain mar a díoltar tobac agus
mar a gheibhtear an Ghaedhilg is fearr i nDoire.
Ghoireas isteach fosda ag Craobhaibh Naoimh Eoin agus an
Tuir Fada agus siud is gur óg na craobha iad tá siad ag
obair go tréan agus go miotallach mar ceann. Rud
amháin a bhfaca mé ionnta do thaitin go mór liom, bhí
níos [mo]{mó} ná fear i láthair aca. Tá 's ag an
tsaoghal mhór nach bhfuil éifeacht nó brigh in [ar]{ár} saothar
fá choinne na Gaedhilge mur dtig linn na cailíní
thabhairt linn, agus sin é an fath gur thaitin chomh mór sin
liom na cailíní fheiceál i láthair ag na rangaibh i
nDoire. Obubú! sin anois chugat! Bhíos ar tí
imtheacht ar turus go Tírchonaill agus níor imthigheas troigh
as Doire Cholumcille go fóill! Agus is maith an fios
atá agam gur “iomdha bealach fada cam” atá i
dTírchonaill agus gur mithid damh bheith ar siubhal. Rithim
mar sin go dtí port an bhóthair-iarainn, ceannuighim
mo chloichead, lingim ar an traen agus as go bráthach
liom, thré gleanntaibh Condae Dhoire, agus sléibhtibh
Chondae Thír Eoghain. Ní buan mo thaisdeal go bhfágaim
Tír Eoghain ar mo chúl sleamhnaighim tar an abhainn
Finne agus sroichim Srath an-Urlair i dTírchonaill.



(Tuilleadh)



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services